+Airteagal 17 3c.
|
Airteagal 17 3c.
Laistigh de 10 lá oibre ó na tuairimí ó ESMA agus ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, arna nglacadh faoi mhír 3, an ceathrú fomhír agus an séú fomhír, faoi seach, den Airteagal seo a fháil, agus, i gcás ina n-eisítear í, ón tuairim ó ESMA arna glacadh faoi mhír 3a, an chéad fhomhír, den Airteagal seo a fháil, glacfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 é tríd an mbunachar sonraí lárnach. I gcás nach léirítear tuairim an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 leis an gcinneadh ó údarás inniúil an CPL, lena n-áirítear aon choinníoll nó aon mholadh atá inti, beidh míniú lánréasúnaithe ann ar aon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó moltaí sin. I gcás nach gcomhlíonann údarás inniúil an CPL tuairim ó ESMA ná aon choinníoll ná aon mholadh a áirítear inti, nó nach bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh, cuirfidh ESMA an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 24a. Áireofar san fhaisnéis freisin an réasúnaíocht ó údarás inniúil an CPL maidir leis an neamhchomhlíonadh nó maidir leis an rún atá aige gan comhlíonadh a dhéanamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|