+Airteagal 22 Údarás inniúil
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
|
Airteagal 22 Údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Ainmneoidh gach Ballstát ar leith an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as na dualgais a thagann as an Rialachán seo a chomhlíonadh chun na contrapháirtithe lárnacha atá bunaithe ina gcríocha a údarú agus a mhaoirsiú agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ÚEUM ar an eolas faoin méid sin. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, cinnfidh sé go soiléir na róil faoi seach agus ainmneoidh sé údarás amháin le bheith freagrach as comhar agus as malartú faisnéise a chomhordú leis an gCoimisiún, le ÚEUM, le húdaráis inniúla na mBallstát eile, le ÚBE agus le comhaltaí ábhartha CEBC, i gcomhréir le hAirteagail 23, 24, 83 agus 84.
|
|
Airteagal 22 2.
|
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag an údarás inniúil chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir bearta riaracháin iomchuí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dhéanamh in aghaidh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach, nó a fhorchur orthu, i gcás neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo. Beidh na bearta sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus féadfar a áireamh leo iarrataí ar ghníomhaíocht leasúcháin laistigh de thréimhse ama socraithe.
|
|
Airteagal 22 4.
|
Foilseoidh ÚEUM ar a láithreán gréasáin liosta de na húdaráis inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir le mír 1.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|