+Airteagal 23a Comhar maoirseachta idir na húdaráis inniúla agus ESMA i dtaca le CPLanna údaraithe
---+Airteagal 23a 1.
---+Airteagal 23a 2.

Airteagal 23a Comhar maoirseachta idir na húdaráis inniúla agus ESMA i dtaca le CPLanna údaraithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23a 1.

Comhlíonfaidh ESMA ról comhordúcháin idir údaráis inniúla agus ar fud na gcoláistí chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

cultúr maoirseachta coiteann agus cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha a fhorbairt;

(b) 

nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cineálacha cur chuige comhsheasmhacha a áirithiú;

(c) 

comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú, go háirithe maidir le réimsí maoirseachta a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo nó a bhféadfadh tionchar trasteorann a bheith acu;

(d) 

comhordú i staideanna éigeandála a neartú i gcomhréir le hAirteagal 24;

(e) 

measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus tuairimí á soláthar d’údaráis inniúla de bhun mhír 2 maidir le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag CPLanna i ndáil le rioscaí trasteorann sainaitheanta nó rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an Aontais, agus moltaí a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh CPL rioscaí den sórt sin a mhaolú.

Airteagal 23a 2.
Cuirfidh údaráis inniúla a ndréachtchinntí, a dtuarascálacha nó a mbearta eile faoi bhráid ESMA chun a thuairim a fháil uaidh sula nglacfaidh siad aon ghníomhaíocht nó beart de bhun Airteagail 7, 8 agus 14, Airteagal 15(1), an dara fomhír, Airteagal 21, Airteagail 29 go 33, agus Airteagail 35, 36, 37, 41, 54 agus, ach amháin i gcás ina bhfuil gá práinneach le cinneadh, Airteagal 20.

Féadfaidh údaráis inniúla dréachtchinntí a chur faoi bhráid ESMA freisin chun a thuairim a fháil uaidh sula nglacfaidh siad aon ghníomhaíocht nó beart eile i gcomhréir lena ndualgais faoi Airteagal 22(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.