|
+Airteagal 25 2a. |
Airteagal 25 2a.Tar éis dul i gcomhairle le BERS agus leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, cinnfidh ESMA an bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír nó an dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis i leith chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit (CPL Leibhéal 2) trí na critéir seo uile a chur san áireamh:
(a)
cineál, méid, agus castacht ghnó an CPL san Aontas, agus lasmuigh den Aontas, a mhéid a d’fhéadfadh sin tionchar sistéamach a imirt ar an Aontas nó ar cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, lena n-áirítear:
(i)
luach na n-idirbheart a imréitíonn an CPL, i dtéarmaí comhiomlána agus i ngach airgeadra de chuid an Aontais, nó neamhchosaint chomhiomlán an CPL atá i mbun gníomhaíochtaí imréitigh chuig a chomhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol, chuig a gcliaint agus a gcliaint indíreacha atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear i gcás inar ainmnigh Ballstát iad sin mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (O-SIInna) de bhun Airteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE; agus
(ii)
próifíl riosca an CPL, i dtéarmaí inter alia rioscaí dlíthiúla, oibríochtúla, agus gnó;
(b)
an éifeacht a bheadh ag cliseadh nó suaitheadh an CPL sin ar na nithe seo a leanas:
(i)
margaí airgeadais, lena n-airítear leachtacht na margaí dá bhfóntar;
(ii)
institiúidí airgeadais;
(iii)
an córas airgeadais go ginearálta; nó
(iv)
cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
(c)
struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear, a mhéid is eol sin, struchtúr an líonra de chliaint dhíreacha agus indíreacha atá ag comhaltaí imréitigh an CPL, atá bunaithe san Aontas;
(d)
a mhéid is ann do sheirbhísí malartacha imréitigh arna soláthar ag CPLanna eile in ionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadraí de chuid an Aontais do chomhaltaí imréitigh agus, a mhéid is eol sin, dá gcuid cliant díreach agus indíreach atá bunaithe san Aontas;
(e)
caidrimh na CPLanna, idirthuilleamaíochtaí na CPLanna agus na hidirghníomhaíochtaí atá nó a bhíonn idir an CPL agus bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, institiúidí airgeadais eile agus an córas airgeadais go ginearálta a mhéid gur dócha go mbeidh tionchar aige ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann nó níos mó de na Ballstáit. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír a shonrú a thuilleadh faoin 2 eanáir 2021. Gan dochar do pé toradh a bheidh ar an bpróiseas aitheantais, tar éis dó an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i gcrích, cuirfidh ESMA in iúl don CPL is iarratasóir, laistigh de 30 lá ó chinnfear gurb iomlán d’iarratas an CPL i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4, cibé acu a mheastar nó nach meastar gur CPL Leibhéal 1 é. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|