+Airteagal 25 Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 2a.
---+Airteagal 25 2b.
---+Airteagal 25 2c.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 6a.
---+Airteagal 25 6b.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 7a.
---+Airteagal 25 7b.
---+Airteagal 25 7c.
---+Airteagal 25 8.

Airteagal 25 Aitheantas contrapháirtí lárnaigh tríú tír

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Ní fhéadfaidh contrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas ach amháin i gcás ina dtabharfaidh ESMA aitheantas don chontrapháirtí lárnach sin.
Airteagal 25 2.

Ní fhéadfaidh ÚEUM, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3. aitheantas a thabhairt do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír a chuir isteach ar aitheantas a fháil seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a sholáthar ach amháin i sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 6;

(b) 

go bhfuil an contrapháirtí lárnach údaraithe sa tríú tír ábhartha, agus go bhfuil sé faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh lena n-áirithítear go ndéantar na ceanglais stuamachta atá infheidhme sa tríú tír sin a chomhlíonadh go hiomlán;

(c) 

go bhfuil socruithe comhair bunaithe de bhun mhír 7;

▼M5

(d) 

the CCP is established or authorised in a third country that is not considered, by the Commission in accordance with Directive (EU) 2015/849 of the European Parliament and of the Council ( 20 ), as having strategic deficiencies in its national anti-money laundering and counter financing of terrorism regime that poses significant threats to the financial system of the Union;

▼M14

(e) 

níor cinneadh go raibh tábhacht shistéamach leis an CPL nó gur dócha go mbeadh tábhacht shistéamach leis i gcomhréir le mír 2a, rud a fhágann gur CPL Leibhéal 1 atá ann.

Airteagal 25 2a.

Tar éis dul i gcomhairle le BERS agus leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, cinnfidh ESMA an bhfuil tábhacht shistéamach le CPL tríú tír nó an dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis i leith chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit (CPL Leibhéal 2) trí na critéir seo uile a chur san áireamh:

(a) 

cineál, méid, agus castacht ghnó an CPL san Aontas, agus lasmuigh den Aontas, a mhéid a d’fhéadfadh sin tionchar sistéamach a imirt ar an Aontas nó ar cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, lena n-áirítear:

(i) 

luach na n-idirbheart a imréitíonn an CPL, i dtéarmaí comhiomlána agus i ngach airgeadra de chuid an Aontais, nó neamhchosaint chomhiomlán an CPL atá i mbun gníomhaíochtaí imréitigh chuig a chomhaltaí imréitigh, agus a mhéid is eol, chuig a gcliaint agus a gcliaint indíreacha atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear i gcás inar ainmnigh Ballstát iad sin mar institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo (O-SIInna) de bhun Airteagal 131(3) de Threoir 2013/36/AE; agus

(ii) 

próifíl riosca an CPL, i dtéarmaí inter alia rioscaí dlíthiúla, oibríochtúla, agus gnó;

(b) 

an éifeacht a bheadh ag cliseadh nó suaitheadh an CPL sin ar na nithe seo a leanas:

(i) 

margaí airgeadais, lena n-airítear leachtacht na margaí dá bhfóntar;

(ii) 

institiúidí airgeadais;

(iii) 

an córas airgeadais go ginearálta; nó

(iv) 

cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;

(c) 

struchtúr chomhaltaí imréitigh an CPL, lena n-áirítear, a mhéid is eol sin, struchtúr an líonra de chliaint dhíreacha agus indíreacha atá ag comhaltaí imréitigh an CPL, atá bunaithe san Aontas;

(d) 

a mhéid is ann do sheirbhísí malartacha imréitigh arna soláthar ag CPLanna eile in ionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadraí de chuid an Aontais do chomhaltaí imréitigh agus, a mhéid is eol sin, dá gcuid cliant díreach agus indíreach atá bunaithe san Aontas;

(e) 

caidrimh na CPLanna, idirthuilleamaíochtaí na CPLanna agus na hidirghníomhaíochtaí atá nó a bhíonn idir an CPL agus bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, institiúidí airgeadais eile agus an córas airgeadais go ginearálta a mhéid gur dócha go mbeidh tionchar aige ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ceann nó níos mó de na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír a shonrú a thuilleadh faoin 2 eanáir 2021.

Gan dochar do pé toradh a bheidh ar an bpróiseas aitheantais, tar éis dó an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur i gcrích, cuirfidh ESMA in iúl don CPL is iarratasóir, laistigh de 30 lá ó chinnfear gurb iomlán d’iarratas an CPL i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4, cibé acu a mheastar nó nach meastar gur CPL Leibhéal 1 é.

Airteagal 25 2b.

I gcás ina gcinnfidh ESMA go bhfuil tábhacht shistéamach le CPL nó gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis (CPL Leibhéal 2) i gcomhréir le mír 2a, ní thabharfaidh sé aitheantas don CPL sin chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, sa bhreis ar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) de mhír 2:

(a) 

comhlíonfaidh an CPL, tráth a n-aithneofar é, agus tar a éis sin ar bhonn leanúnach, na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V. I ndáil le comhlíontacht an CPL le hAirteagail 41, 44, 46, 50 agus 54, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 24b(1). Cuirfidh ESMA san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 25a, a mhéid a chomhlíonann CPL na ceanglais sin trí cheanglais inchomparáide is infheidhme sa tríú tír a chomhlíonadh;

(b) 

chuir na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 dearbhú i scríbhinn ar fáil do ESMA, laistigh de 30 lá oibre ón gcinneadh nach CPL ar Leibhéal 1 CPL tríú tír i gcomhréir le mír 2a nó tar éis an athbhreithnithe i gcomhréir le mír 5, go gcomhlíonann an CPL na ceanglais seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith forchurtha ag na bainc cheannais eisiúna sin, agus iad i mbun a gcúraimí beartais airgeadaíochta:

(i) 

pé eolas a iarrfaidh an banc ceannais go cuí réasúnta a thíolacadh, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin faighte cheana féin ag ESMA;

(ii) 

comhoibriú go hiomlán agus go cuí leis an mbanc ceannais eisiúna i gcomhthéacs an mheasúnaithe, arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25b(3), ar theacht aniar an CPL i leith forbairtí dochracha sa mhargadh;

(iii) 

cuntas taisce thar oíche a oscailt sa bhanc ceannais eisiúna nó fógra a thabhairt faoin intinn ceann a oscailt ann, i gcomhréir leis na critéir agus na ceanglais ábhartha rochtana.

(iv) 

na ceanglais sin a chomhlíonadh, arna gcur i bhfeidhm i gcásanna eisceachtúla ag an mbanc ceannais eisiúna, ina inniúlachtaí chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sealadacha leachtachta sistéamacha lena ndéantar difear do tharchur na mbeartas airgeadaíochta nó d’oibriú rianúil córas íocaíochta, agus a bhaineann le rialú rioscaí leachtachta, ceanglais chorrlaigh, comhthaobhacht, socruithe socraíochta nó socruithe idir-inoibritheachta.

Leis na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv), áiritheofar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar na gcontrapháirtithe lárnacha agus déanfar na ceanglais a ailíniú leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeideal IV agus Teideal V den Rialachán seo.

Beidh cur i bhfeidhm na gceanglas dá dtagraítear i bhfophointe (iv) ina choinníoll don aitheantas ar feadh tréimhse teoranta ama suas le 6 mhí. I gcás ina measfaidh an banc ceannais eisiúna ag deireadh na tréimhse sin go bhfuil an cás eisceachtúil leanúnach, féadfar síneadh a chur le cur i bhfeidhm na gceanglas chun críocha aitheantais uair amháin ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí.

Sula bhforchuirfidh sé na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv) nó sula gcuirfidh sé síneadh lena gcur i bhfeidhm, cuirfidh an banc ceannais eisiúna ESMA, na bainc cheannais eisiúna eile dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 agus comhaltaí choláiste CPLanna tríú tír ar an eolas agus tabharfaidh sé míniú dóibh ar an éifeacht a bheidh ag na ceanglais a bhfuil sé ar intinn aige a fhorchur ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar CPLanna agus tabharfaidh sé bonn cirt maidir leis an bhfáth a bhfuil na ceanglais riachtanach agus comhréireach chun a áirithiú go dtarchuirfear an beartas airgeadaíochta nó go n-oibreoidh na córais íocaíochta go rianúil maidir leis an airgeadra a eisíonn sé. Cuirfidh ESMA tuairim faoi bhráid an bhainc ceannais eisiúna laistigh de 10 lá oibre ón uair a seolfar na dréachtcheanglais nó an dréachtsíneadh. I gcásanna éigeandála, ní rachaidh an tréimhse thuasluaite thar 24 uair. Ina thuairim, cuirfidh ESMA san áireamh go háirithe éifeachtaí na gceanglas arna bhforchur ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar an CPL. Féadfaidh na bainc cheannais eile dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3 tuairim a thíolacadh laistigh den spriocdháta céanna. Ar thabhairt i gcrích na tréimhse comhairliúcháin, breithneoidh an banc ceannais eisiúna go cuí na leasuithe a mholtar i dtuairimí ESMA nó na mbanc ceannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír (3).

Tabharfaidh an banc ceannais eisiúna scéala freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle sula gcuirfidh sé síneadh le cur i bhfeidhm na gceanglas sin dá dtagraítear i bhfophointe (iv).

Comhoibreoidh an banc ceannais eisiúna le ESMA agus leis na bainc cheannais eisiúna eile dá dtagraítear i bhfophointe (f) de mhír 3 agus comhroinnfidh sé faisnéis leo ar bhonn leanúnach maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i bhfophointe (iv), go háirithe i ndáil le measúnú ar na rioscaí leachtachta sistéamacha agus ar éifeachtaí na gceanglas forchurtha ar éifeachtúlacht, fóntacht agus teacht aniar CPLanna.

I gcás ina bhforchuirfidh banc ceannais eisiúna aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear sa phointe seo agus aitheantas faighte ag CPL Leibhéal 2, measfar aon cheanglas den sórt sin a bheith ina choinníoll ar aitheantas agus tabharfaidh na bainc cheannais eisiúna dearbhú i scríbhinn do ESMA, laistigh de 90 lá oibre, go gcomhlíonann an CPL an ceanglas.

I gcás nach bhfuil dearbhú i scríbhinn tugtha ag banc ceannais eisiúna do ESMA faoin sprioc-am, féadfaidh ESMA a mheas go bhfuil an ceanglas sin comhlíonta;

(c) 

tá an méid seo a leanas tugtha ag an CPL do ESMA:

(i) 

ráiteas scríofa, sínithe ag ionadaí dlíthiúil an CPL sin, ina gcuirfear in iúl go dtoilíonn an CPL gan choinníoll don mhéid seo a leanas:

— 
arna iarraidh sin do ESMA, aon doiciméid, taifid, faisnéis nó sonraí dá mbeidh ag an CPL sin an tráth a n-iarrfar iad, a chur ar fáil laistigh de 3 lá oibre; agus
— 
cead rochtana a thabhairt do ESMA ar aon cheann d’áitribh ghnó an CPL;
(ii) 

tuairim réasúnaithe dlí ó shaineolaí neamhspleách dlí á dhearbhú gur bailí don toiliú a tugadh agus gurb in-fhorfheidhmithe faoi na dlíthe ábhartha is infheidhme;

(d) 

tá na bearta riachtanacha ar fad curtha chun feidhme agus na nósanna imeachta uile is gá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú go gcomhlíonfar go héifeachtach na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (c);

(e) 

níl gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 2c.

Airteagal 25 2c.

Féadfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, i gcomhréir le hAirteagal 24b(3) agus de réir an mhéid tábhachta sistéamaí atá leis an CPL i gcomhréir le mír 2a den Airteagal seo, a chinneadh, ar bhonn measúnú réasúnaithe iomlán, go bhfuil a oiread sin tábhachta sistéamaí le CPL nó le roinnt dá seirbhísí imréitigh nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar. Ní bhainfidh pé comhaontú a thabharfaidh bainc cheannais eisiúna ach leis an airgeadra a eisíonn sé, agus leis sin amháin; ní bheidh aon bhaint aige leis an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. Sa mheasúnú uaidh, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:

(a) 

míneoidh sé cé mar nach dtabharfaí aghaidh go leordhóthanach, le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2b, ar an riosca cobhsaíochta airgeadais don Aontas ná do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;

(b) 

cuirfidh sé síos ar shaintréithe na seirbhísí imréitigh arna soláthar ag an CPL, lena n-áirítear na ceanglais leachtachta agus socrúcháin fhisiciúil a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin;

(c) 

soláthróidh sé measúnú cainníochtúil teicniúil ar chostais agus sochair agus iarmhairtí aon chinneadh nach n-aithníonn an CPL chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar, agus cuirfidh sé san áireamh an méid a leanas:

(i) 

gurb ann d’ionadaithe malartacha féideartha chun na seirbhísí imréitigh lena mbaineann a sholáthar do na comhaltaí imréitigh sna hairgeadraí lena mbaineann, agus a mhéid is eol sin, dá gcliaint dhíreacha agus indíreacha atá bunaithe san Aontas;

(ii) 

na hiarmhairtí a d’eascródh as conarthaí de chuid an CPL, atá fós gan chomhlíonadh, faoi raon feidhme an ghnímh cur chun feidhme.

Ar bhonn an mheasúnaithe uaidh, molfaidh ESMA don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhófar nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar.

Beidh líon íosta de 30 lá oibre, ar a laghad, ag an gCoimisiún ina ndéanfaidh sé an moladh ó ESMA a mheas.

Tar éis dó an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, mura mbeidh an dara rogha ann, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

tar éis na tréimhse oiriúnaithe a shonróidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (b) den fhomhír seo, ní ceadmhach don CPL tríú tír sin cuid dá sheirbhísí imréitigh, nó iomlán na seirbhísí sin, a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus ionaid trádála arna mbunú san Aontas ach a n-údarófar é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(b) 

tréimhse oiriúnaithe iomchuí don CPL, dá chomhaltaí imréitigh agus dá chliaint. Ní mhairfidh an tréimhse oiriúnaithe níos faide ná 2 bhliain, agus ní ceadmhach síneadh a chur léi, ar feadh 6 mhí, ach uair amháin i gcás inarb ann fós do na cúiseanna a bhí ann an tréimhse oiriúnaithe a dheonú;

(c) 

na coinníollacha faoina bhféadfaidh an CPL sin leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar le linn na tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) 

aon bhearta a ghlacfar i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaithe, chun teorainn a chur leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint, go háirithe dóibh siúd atá bunaithe san Aontas.

Tráth a mbeidh na seirbhísí agus an tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den cheathrú fomhír á sonrú, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a) 

saintréithe na seirbhísí atá á dtairiscint ag an CPL agus a n-inionadaitheacht;

(b) 

cibé acu a áireofar nó nach n-áireofar, agus a mhéid a dhéanfar sin, idirbhearta imréitithe i raon an ghnímh cur chun feidhme, agus iarmhairtí dlíthiúla agus eacnamaíocha an mhéid sin á gcur san áireamh;

(c) 

na hiarmhairtí costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus, más eol, dá gcliaint, go háirithe iad siúd atá bunaithe san Aontas.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).

Airteagal 25 3.

Agus measúnú á dhéanamh aige an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de mhír 2, rachaidh ESMA i gcomhairle leis na húdaráis seo a leanas:

▼B

(a) 

údarás inniúil an Bhallstáit ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus a bheidh roghnaithe ag an gcontrapháirtí lárnach;

(b) 

na húdaráis áitiúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhaltaí imréitigh an chontrapháirtí lárnaigh atá bunaithe sna trí Bhallstát a dhéanann na ranníocaíochtaí is mó le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 42, nó a mheasann an contrapháirtí lárnach go ndéanfaidh siad na ranníocaíochtaí is mó leis an gciste sin, ar bhonn comhiomlán ar feadh tréimhse bliana;

(c) 

na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ionaid trádála atá lonnaithe san Aontas, a soláthraíonn nó a soláthróidh an contrapháirtí lárnach seirbhísí dóibh;

(d) 

na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar chontrapháirtithe lárnacha atá bunaithe san Aontas ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

(e) 

comhaltaí ábhartha CEBC de chuid na mBallstát ina gcuireann an contrapháirtí lárnach seirbhísí imréitigh ar fáil nó ina bhfuil sé beartaithe aige na seirbhísí sin a chur ar fáil agus comhaltaí ábhartha CEBC atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar na contrapháirtithe lárnacha ar bunaíodh socruithe idir-inoibritheachta leo;

▼M14

(f) 

bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn an CPL nó atá le himréiteach ag an CPL

▼B

Airteagal 25 4.
Déanfaidh an contrapháirtí lárnach dá dtagraítear i mír 1 a iarratas a chur faoi bhráid ÚEUM.

Soláthróidh an contrapháirtí lárnach iarrthach an fhaisnéis uile do ESMA atá riachtanach maidir lena aitheantas. Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine. Mura bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine, leagfaidh ESMA spriocdháta síos a mbeidh ar an CPL iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar faoi. Déanfaidh ESMA an fhaisnéis uile a fhaigheann sé ón CPL is iarratasóir a tharchur láithreach chuig coláiste do CPLanna tríú tír.

Is ar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 maidir le CPLanna Leibhéal 1 agus i mír 2, pointí (a) go (d), agus mír 2b maidir le CPLanna Leibhéal 2 a bhunófar an cinneadh aitheantais. Laistigh de 180 lá oibre ón tráth a chinnfear go bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine i gcomhréir leis an dara fomhír, cuirfidh ESMA in iúl i scríbhinn don CPL is iarratasóir, le míniú lán-réasúnaithe, cibé acu a deonaíodh an t-aitheantas nó ar diúltaíodh dó.

Foilseoidh ESMA liosta na gcontrapháirtithe lárnacha a aithníodh i gcomhréir leis an Rialachán seo ar a láithreán gréasáin, ina luafar cibé acu CPLanna Leibhéal 1 nó CPLanna Leibhéal 2 iad.

Airteagal 25 5.

Déanfaidh ESMA, ar dhul i gcomhairle leis na húdaráis agus eintitis dá dtagraítear i mír 3, athbhreithniú ar an aitheantas a thugtar do CPL atá bunaithe i dtríú tír:

(a) 

má tá rún ag an CPL sin raon a chuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a leathnú nó a laghdú san Aontas, cuirfidh an CPL sin in iúl do ESMA agus tíolacfaidh sé gach faisnéis riachtanach; agus

(b) 

i gcás ar bith, gach 5 bliana, ar a laghad.

Déanfar an t-athbhreithniú sin i gcomhréir le míreanna 2 go 4.

I gcás ina ndéantar an t-athbhreithniú i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní cheanglófar ar an CPL iarratas nua ar aitheantas a thíolacadh ach soláthróidh sé an fhaisnéis uile is gá do ESMA chun gur féidir le EMSA athbhreithniú a dhéanamh ar a aitheantas. I gcás ina ndéanann ESMA athbhreithniú ar aitheantas CPL atá bunaithe i dtríú tír i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní dhéileálfaidh ESMA le hathbhreithniú den sórt sin mar iarratas ar aitheantas don CPL aitheanta ábhartha.

I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, gur cheart CPL tríú tír a aicmíodh mar CPL Leibhéal 1 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2, socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ón údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhaltaí imréitigh, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus impleachtaí do na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.

Airteagal 25 6.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, lena gcinnfear go ndéanfar an méid seo a leanas:

(a) 

áiritheofar le socruithe dlí agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach na ceanglais ar ceangal dlí iad atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán seo;

(b) 

déanfar maoirseacht agus forfheidhmiú ar na CPLanna sa tríú tír sin ar bhonn leanúnach;

(c) 

beidh foráil i gcreat dlí an tríú tír sin maidir le córas coibhéiseach éifeachtach le haghaidh aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír;

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir chomhlíonadh éifeachtach leanúnach aon cheanglais a leagann aon tríú tír síos sa ghníomh sin agus cumas ESMA a fhreagrachtaí a fheidhmiú go héifeachtach maidir le CPLanna tríú tír ar tugadh aitheantas dóibh faoi mhír 2 agus mír 2b nó maidir leis an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 6b, lena n-áirítear trí bhíthin teacht ar chomhaontú faoi na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 agus iad sin a chur i bhfeidhm.

I gcás ina bhfuil sé chun leasa an Aontais, agus i bhfianaise na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais mar gheall ar rannpháirtíocht ionchasach comhaltaí imréitigh agus ionad trádála atá bunaithe san Aontas in CPLanna atá bunaithe i dtríú tír, féadfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh gan beann ar phointe (c) den fhomhír sin a bheith comhlíonta nó gan é a bheith comhlíonta.

Airteagal 25 6a.
Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 6 a shonrú a thuilleadh.
Airteagal 25 6b.

Déanfaidh ESMA faireachán ar na forbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tíortha ar glacadh gníomhartha tarmligthe lena n-aghaidh de bhun mhír 6.

Where ESMA identifies any regulatory or supervisory development in those third countries that may impact the financial stability of the Union or of one or more of its Member States, it shall inform the European Parliament, the Council, the Commission and the members of the third-country CCP college referred to in Article 25c without delay. All such information shall be treated confidentially.

ESMA shall submit a confidential report to the Commission and to the members of the third-country CCP college referred to in Article 25c on the regulatory and supervisory developments in the third countries referred to in the first subparagraph on an annual basis.

Airteagal 25 7.
Bunóidh ESMA socruithe comhair éifeachtacha le húdaráis ábhartha inniúla na dtríú tíortha ar sainaithníodh go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach leis an Rialachán seo i gcomhréir le mír 6.
Airteagal 25 7a.

I gcás nár chinn ESMA leibhéal CPL go fóill nó i gcás inar chinn ESMA gur CPLanna Leibhéal 1 iad na CPLanna uile nó cuid de na CPLanna i dtríú tír ábhartha, cuirfear san áireamh sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an riosca a bhaineann leis na CPLanna sin a bheith ag soláthar seirbhísí imréitigh agus sonrófar an méid seo a leanas iontu:

(a) 

an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn bliantúil idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, ionas go mbeidh ESMA in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL na coinníollacha maidir le haitheantas faoi mhír 2;

(ii) 

aon tionchar ábhartha féideartha ar leachtacht an mhargaidh nó ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais nó ar chobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit a shainaithint; agus

(iii) 

faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí imréitigh i gceann amháin, nó níos mó, de na CPLanna atá bunaithe sa tríú tír sin ag comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, nó ar cuid de ghrúpa iad atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúite san Aontas;

(b) 

go heisceachtúil, an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn ráithiúil lena gceanglaítear faisnéis mhionsonraithe lena gcumhdaítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2a, agus go háirithe faisnéis faoi athruithe suntasacha ar shamhlacha riosca agus ar pharaiméadair riosca, leathnú ghníomhaíochtaí agus sheirbhísí CPL agus athruithe ar struchtúr chuntas na gcliant, agus é d’aidhm aige sin a bhrath an bhféadfadh sé go bhfuil CPL gar do bheith tábhachtach go sistéamach, nó an bhféadfadh sé gur dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis, maidir le cobhsaíocht airgeadais an Aontais nó cobhsaíocht airgeadais ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit, chomh maith leis an sásra chun faisnéis a mhalartú faoi fhorbairtí sa mhargadh a bhféadfadh iarmhairtí a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais;

(c) 

an sásra chun fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina measann údarás inniúil tríú tír go bhfuil coinníollacha a údaraithe nó dlí eile a bhfuil sé faoina réir á sárú ag CPL a bhfuil maoirseacht á déanamh aige air;

(d) 

an sásra trína ndéanann an t-údarás inniúil tríú tír fógra pras a thabhairt do ESMA i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL tríú tír a ndéanann an t-údarás inniúil sin maoirseacht air a sheirbhísí imréitigh nó a ghníomhaíochtaí imréitigh a leathnú nó a laghdú;

(e) 

na nósanna imeachta is gá chun go ndéanfar faireachán éifeachtach ar fhorbairtí rialála agus maoirseachta i dtríú tír;

(f) 

na nósanna imeachta lena gcuireann údaráis tríú tír ESMA, an coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c, agus na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon staideanna éigeandála a bhaineann leis an CPL aitheanta, lena n-áirítear forbairtí i margaí airgeadais, a bhféadfadh éifeacht dhochrach a bheith acu ar leachtacht an mhargaidh agus ar chobhsaíocht an chórais airgeadais san Aontas nó i gceann dá Bhallstáit, agus na nósanna imeachta agus na pleananna teagmhasacha chun aghaidh a thabhairt ar staideanna den sórt sin;

(g) 

na nósanna imeachta lena n-áirithíonn údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacann ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25f agus 25j, Airteagal 25k(1), pointe (b), agus Airteagail 25l, 25m agus 25p;

(h) 

toiliú ó na húdaráis tríú tír maidir le haon fhaisnéis a sholáthair siad do ESMA a chomhroinnt ina dhiaidh sin faoi na socruithe comhair leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 agus le comhaltaí den choláiste do CPLanna tríú tír, faoi réir na gceanglas rúndachta gairmiúla a leagtar amach in Airteagal 83.

Airteagal 25 7b.

I gcás inar chinn ESMA gur CPL Leibhéal 2 é CPL amháin ar a laghad i dtríú tír ábhartha, sonrófar sna socruithe comhair dá dtagraítear i mír 7 an méid seo a leanas ar a laghad i ndáil leis na CPLanna Leibhéal 2 sin:

(a) 

na gnéithe dá dtagraítear i mír 7a, pointí (a), (c), (e), (f) agus (h), i gcás nach bhfuil socruithe comhair bunaithe cheana féin leis an tríú tír ábhartha de bhun na míre sin;

(b) 

an sásra chun faisnéis a mhalartú ar bhonn míosúil ar a laghad, de réir is iomchuí, idir ESMA, na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i mír 3, pointe (f), agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile a iarrann ESMA chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an CPL na ceanglais dá dtagraítear i mír 2b;

(c) 

na nósanna imeachta a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a chomhordú, lena n-áirítear comhaontú údarás tríú tír i dtaobh imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a cheadú i gcomhréir le hAirteagail 25g agus 25h faoi seach;

(d) 

na nósanna imeachta lena n-áirithíonn údaráis tríú tír forfheidhmiú éifeachtach na gcinntí a ghlacann ESMA i gcomhréir le hAirteagail 25b, 25f go 25m, 25p agus 25q;

(e) 

na nósanna imeachta trína ndéanann údaráis tríú tír an méid seo a leanas:

(i) 

dul i gcomhairle le ESMA maidir le hullmhú pleananna téarnaimh agus maidir le measúnú a dhéanamh orthu agus maidir le hullmhú pleananna réitigh i ndáil le gnéithe atá ábhartha don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;

(ii) 

ESMA a chur ar an eolas gan moill mhíchuí faoi bhunú pleananna téarnaimh agus pleananna réitigh agus faoi aon athrú ábhartha ina dhiaidh sin ar na pleananna sin i ndáil le gnéithe atá ábhartha don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;

(iii) 

ESMA a chur ar an eolas gan moill mhíchuí má tá sé beartaithe ag CPL Leibhéal 2 a phlean téarnaimh a chur i ngníomh nó i gcás inar chinn na húdaráis tríú tír go bhfuil an chosúlacht ann go bhfuil géarchéim ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibríochtaí an CPL Leibhéal 2 sin, go háirithe don chumas atá aige seirbhísí imréitigh a sholáthar nó i gcás ina mbeartaíonn na húdaráis tríú tír gníomhaíocht réitigh a dhéanamh go luath sa todhchaí.

Airteagal 25 7c.
I gcás ina measann ESMA go mainníonn údarás inniúil tríú tír aon cheann de na forálacha a leagtar síos i socrú comhair arna bhunú i gcomhréir le míreanna 7, 7a agus 7b, a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé é sin in iúl don Choimisiún faoi rún agus gan mhoill. I gcás den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh cur chun feidhme a ghlactar i gcomhréir le mír 6.
Airteagal 25 8.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an fhaisnéis a sholáthróidh an contrapháirtí lárnach is iarratasóir do ÚEUM ina iarratas ar aitheantas.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.