|
+Airteagal 25 2c. |
Airteagal 25 2c.Féadfaidh ESMA, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS agus le comhaontú ó na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 3, i gcomhréir le hAirteagal 24b(3) agus de réir an mhéid tábhachta sistéamaí atá leis an CPL i gcomhréir le mír 2a den Airteagal seo, a chinneadh, ar bhonn measúnú réasúnaithe iomlán, go bhfuil a oiread sin tábhachta sistéamaí le CPL nó le roinnt dá seirbhísí imréitigh nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí áirithe imréitigh a sholáthar. Ní bhainfidh pé comhaontú a thabharfaidh bainc cheannais eisiúna ach leis an airgeadra a eisíonn sé, agus leis sin amháin; ní bheidh aon bhaint aige leis an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. Sa mheasúnú uaidh, déanfaidh ESMA an méid seo a leanas:
(a)
míneoidh sé cé mar nach dtabharfaí aghaidh go leordhóthanach, le comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2b, ar an riosca cobhsaíochta airgeadais don Aontas ná do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit;
(b)
cuirfidh sé síos ar shaintréithe na seirbhísí imréitigh arna soláthar ag an CPL, lena n-áirítear na ceanglais leachtachta agus socrúcháin fhisiciúil a bhaineann le soláthar na seirbhísí sin;
(c)
soláthróidh sé measúnú cainníochtúil teicniúil ar chostais agus sochair agus iarmhairtí aon chinneadh nach n-aithníonn an CPL chun seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar, agus cuirfidh sé san áireamh an méid a leanas:
(i)
gurb ann d’ionadaithe malartacha féideartha chun na seirbhísí imréitigh lena mbaineann a sholáthar do na comhaltaí imréitigh sna hairgeadraí lena mbaineann, agus a mhéid is eol sin, dá gcliaint dhíreacha agus indíreacha atá bunaithe san Aontas;
(ii)
na hiarmhairtí a d’eascródh as conarthaí de chuid an CPL, atá fós gan chomhlíonadh, faoi raon feidhme an ghnímh cur chun feidhme. Ar bhonn an mheasúnaithe uaidh, molfaidh ESMA don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndearbhófar nár cheart aitheantas a thabhairt don CPL sin maidir le seirbhísí nó gníomhaíochtaí imréitigh áirithe a sholáthar. Beidh líon íosta de 30 lá oibre, ar a laghad, ag an gCoimisiún ina ndéanfaidh sé an moladh ó ESMA a mheas. Tar éis dó an moladh dá dtagraítear sa dara fomhír a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún, mura mbeidh an dara rogha ann, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
tar éis na tréimhse oiriúnaithe a shonróidh an Coimisiún i gcomhréir le pointe (b) den fhomhír seo, ní ceadmhach don CPL tríú tír sin cuid dá sheirbhísí imréitigh, nó iomlán na seirbhísí sin, a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus ionaid trádála arna mbunú san Aontas ach a n-údarófar é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14;
(b)
tréimhse oiriúnaithe iomchuí don CPL, dá chomhaltaí imréitigh agus dá chliaint. Ní mhairfidh an tréimhse oiriúnaithe níos faide ná 2 bhliain, agus ní ceadmhach síneadh a chur léi, ar feadh 6 mhí, ach uair amháin i gcás inarb ann fós do na cúiseanna a bhí ann an tréimhse oiriúnaithe a dheonú;
(c)
na coinníollacha faoina bhféadfaidh an CPL sin leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar le linn na tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
aon bhearta a ghlacfar i gcaitheamh na tréimhse oiriúnaithe, chun teorainn a chur leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus dá gcliaint, go háirithe dóibh siúd atá bunaithe san Aontas. Tráth a mbeidh na seirbhísí agus an tréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den cheathrú fomhír á sonrú, breithneoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:
(a)
saintréithe na seirbhísí atá á dtairiscint ag an CPL agus a n-inionadaitheacht;
(b)
cibé acu a áireofar nó nach n-áireofar, agus a mhéid a dhéanfar sin, idirbhearta imréitithe i raon an ghnímh cur chun feidhme, agus iarmhairtí dlíthiúla agus eacnamaíocha an mhéid sin á gcur san áireamh;
(c)
na hiarmhairtí costais a d’fhéadfadh a bheith ann do chomhaltaí imréitigh agus, más eol, dá gcliaint, go háirithe iad siúd atá bunaithe san Aontas. Déanfar an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|