|
+Airteagal 25g 1. |
Airteagal 25g 1.Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Chuige sin, cumhachtófar na hoifigigh agus daoine eile a údaróidh ESMA chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forfheidhmiú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)
cóipeanna deimhnithe de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin nó den ábhar eile sin a dhéanamh nó a fháil nó sleachta astu siúd a dhéanamh nó a fháil;
(c)
CPLanna Leibhéal 2 nó a n-ionadaithe nó a mbaill foirne a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoileoidh go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdúcháin;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí. Féadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe sin i gcás inarb ábhartha iad i dtaca lena gcúraimí beartais airgeadais a chur i gcrích, ach iarraidh réasúnaithe a thíolacadh chuig ESMA. Cuirfear an Coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a gcúraimí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|