+Airteagal 25g Imscrúduithe ginearálta
---+Airteagal 25g 1.
---+Airteagal 25g 2.
---+Airteagal 25g 3.
---+Airteagal 25g 4.
|
Airteagal 25g Imscrúduithe ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25g 1.
|
Chun a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo, féadfaidh ESMA imscrúduithe riachtanacha a dhéanamh ar CPLanna Leibhéal 2 agus ar thríú páirtithe gaolmhara chuig a bhfuil feidhmeanna, seirbhísí nó gníomhaíochtaí oibríochtúla seachfhoinsithe ag na CPLanna sin. Chuige sin, cumhachtófar na hoifigigh agus daoine eile a údaróidh ESMA chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forfheidhmiú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)
cóipeanna deimhnithe de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin nó den ábhar eile sin a dhéanamh nó a fháil nó sleachta astu siúd a dhéanamh nó a fháil;
(c)
CPLanna Leibhéal 2 nó a n-ionadaithe nó a mbaill foirne a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoileoidh go gcuirfear agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdúcháin;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
Féadfaidh na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 25(3) a bheith rannpháirteach sna himscrúduithe sin i gcás inarb ábhartha iad i dtaca lena gcúraimí beartais airgeadais a chur i gcrích, ach iarraidh réasúnaithe a thíolacadh chuig ESMA. Cuirfear an Coláiste do CPLanna tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25c ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi aon chinntí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha i bhforfheidhmiú a gcúraimí.
|
|
Airteagal 25g 2.
|
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ag ESMA chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonrófar san údarú sin freisin na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, nó aon ábhar eile a iarradh nó freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar CPLanna Leibhéal 2 nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonrófar ann freisin na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 25j, i dteannta phointe (b) de Roinn V d’Iarscríbhinn III, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na CPLanna Leibhéal 2 mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 25g 3.
|
Ní mór do CPLanna Leibhéal 2 géilleadh d’imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinneadh a dhéanann ESMA. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 25k den Rialachán seo, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 25g 4.
|
Sula dtabharfaidh sé fógra do CPL Leibhéal 2, cuirfidh ESMA údarás inniúil ábhartha an tríú tír ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarratas ó ESMA, féadfaidh oifigigh ó údarás inniúil tríú tír cúnamh a thabhairt do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh de chuid údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin. I dtaca le cigireachtaí arna ndéanamh i dtríú tír i gcomhréir leis an Airteagal seo, is de bhun na socruithe comhair arna mbunú le húdarás inniúil ábhartha an tríú tír a dhéanfar iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|