+Airteagal 25i Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur
---+Airteagal 25i 1.
---+Airteagal 25i 2.
---+Airteagal 25i 3.
---+Airteagal 25i 4.
---+Airteagal 25i 5.
---+Airteagal 25i 6.
---+Airteagal 25i 7.
---+Airteagal 25i 8.

Airteagal 25i Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a fhorchur

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25i 1.
I gcás ina ndéanfaidh ESMA amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais ar dóigh maidir leo gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an t-ábhar a imscrúdú. Ní oifigeach imscrúdúcháin atá rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach go díreach ná go hindíreach i bpróiseas aitheantais ná clárúcháin an CPL lena mbaineann a bheidh san oifigeach sin, agus comhlíonfaidh sé nó sí a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna go neamhspleách ar ESMA.
Airteagal 25i 2.
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin na sáruithe líomhnaithe a imscrúdú, agus aon bharúlacha a chuirfidh na daoine atá faoi imscrúdú á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chinntí nó a cinntí, faoi bhráid ESMA.

Chun a chuid nó a cuid cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht a fheidhmiú chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 25f agus chun imscrúduithe a dhéanamh agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 25g agus le hAirteagal 25h. Nuair a bheidh na cumhachtaí sin á n-úsáid aige, comhlíonfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin Airteagal 25e.

Nuair a bheidh a chúraimí nó a cúraimí á gcur i gcrích aige nó aici, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus ar an bhfaisnéis uile atá bailithe ag ESMA ina ghníomhaíochtaí.

Airteagal 25i 3.
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú nó a himscrúdú a chríochnú agus sula gcuirfidh sé an comhad ina bhfuil a chuid cinntí faoi bhráid ESMA, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid nó a cuid cinntí.

Déanfar cearta cosanta na ndaoine lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe faoin Airteagal seo.

Airteagal 25i 4.
Nuair a bheidh an comhad ina bhfuil a chuid nó a cuid cinntí á chur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, tabharfaidh sé fógra faoi sin do na daoine atá faoi imscrúdú. Beidh na daoine atá faoi imscrúdú i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile, maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda eile ná doiciméid réamhullmhúcháin inmheánacha ESMA san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
Airteagal 25i 5.
Ar bhonn an chomhaid ina mbeidh cinntí an oifigigh imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, tar éis na daoine atá faoi imscrúdú a éisteacht i gcomhréir le hAirteagal 25l, cinnfidh ESMA an ndearna na daoine a bhí faoi imscrúdú ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn III agus, sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 25q agus forchuirfidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 25j.
Airteagal 25i 6.
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bplé ESMA ná ní chuirfidh sé isteach ar aon slí eile ar phróiseas cinnteoireachta ESMA.
Airteagal 25i 7.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 82 chun na rialacha nós imeachta a shonrú a thuilleadh maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a bhailiú, agus glacfaidh sé rialacha mionsonraithe maidir leis na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.
Airteagal 25i 8.
Déanfaidh ESMA ábhair a tharchur chuig na húdaráis ábhartha i leith imscrúdú agus ionchúiseamh coiriúil féideartha i gcás ina ndéanfaidh sé amach, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á gcur i gcrích aige, go bhfuil tásca tromchúiseacha ann go bhféadfadh sé go mbeadh fíoras ann arb eol dó gur dócha gurb ionann iad agus cionta coiriúla faoi chreat dlí an tríú tír is infheidhme. Ina theannta sin, staonfaidh ESMA ó fhíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás inarb eol dó go bhfuil, mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta, feidhm res judicata bainte amach cheana ag éigiontú nó ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras comhionann nó as fíorais arb ionann iad beagnach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.