Airteagal 25o
Leasuithe ar Iarscríbhinní III agus IV
Chun leasuithe ar Airteagal 16 agus ar Theidil IV agus V a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun a áirithiú go gcomhfhreagróidh na sáruithe faoi Iarscríbhinn III do na ceanglais faoi Airteagal 16 agus faoi Theidil IV agus V.
Chun forbairtí ar mhargaí airgeadais a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 maidir le bearta chun Iarscríbhinn IV a leasú.