|
+Airteagal 25p 1. |
Airteagal 25p 1.Gan dochar d’Airteagal 25q, agus faoi réir na míreanna seo a leanas, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 25(3), tarraingeoidh ESMA siar cinneadh aitheantais arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 sna cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás nár úsáid an CPL lena mbaineann an t-aitheantas faoi cheann 6 mhí, inar thréig sé an t-aitheantas go sainráite nó inar scar sé de bheith i mbun gnó le níos mó ná 6 mhí anuas;
(b)
i gcás ina bhfuair an CCP lena mbaineann aitheantas trí ráitis bhréagacha a dhéanamh nó trí aon mhodh neamhrialta eile;
(c)
i gcás inar sháraigh an CPL lena mbaineann go tromchúiseach agus go córasach aon cheann de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh aon cheann de na coinníollacha maidir le haitheantas a leagtar síos in Airteagal 25 agus nach ndearna sé an ghníomhaíocht feabhais a iarrann ESMA laistigh de thréimhse ama a shocraítear go hiomchuí a mhairfidh suas le 1 bhliain ar a mhéad;
(d)
i gcás nach bhfuil ESMA in ann a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo maidir leis an CPL lena mbaineann a fheidhmiú go héifeachtach, de bharr nár chuir údarás tríú tír an CPL an fhaisnéis uile is ábhartha ar fáil do ESMA ná nach ndeachaigh sé i gcomhar le ESMA i gcomhréir le hAirteagal 25(7);
(e)
i gcás inar tarraingíodh siar nó inar cuireadh ar fionraí an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 25(6), nó nach gcomhlíontar a thuilleadh aon choinníollacha a bhaineann leis. Féadfaidh ESMA tarraingt siar an aitheantais a theorannú ionas nach mbainfidh sé ach le seirbhís, gníomhaíocht, nó aicme ionstraimí airgeadais ar leith. Agus dáta theacht i bhfeidhm an chinnidh an t-aitheantas a tharraingt siar á chinneadh aige, déanfaidh ESMA a dhícheall aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh a íoslaghdú agus déanfaidh sé foráil do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 2 bhliain. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|