+Airteagal 28 Coiste riosca
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
|
Airteagal 28 Coiste riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Bunóidh CPL coiste riosca, ar a mbeidh ionadaithe a chomhaltaí imréitigh, comhaltaí neamhspleácha an bhoird agus ionadaithe a chliant. Féadfaidh an coiste riosca cuireadh a thabhairt d’fhostaithe an CPL agus do shaineolaithe neamhspleácha seachtracha freastal ar choistí riosca ach gan vóta a bheith acu. Féadfaidh ESMA agus údaráis inniúla a iarraidh freastal ar chruinnithe an choiste riosca ach gan vóta a bheith acu agus a bheith curtha ar an eolas mar is cuí faoi ghníomhaíochtaí agus cinntí an choiste riosca. Beidh comhairle an choiste riosca neamhspleách ar aon tionchar díreach ó lucht bainistíochta an CPL. Ní bheidh tromlach ar an gcoiste riosca ag grúpa ar bith de ghrúpaí na n-ionadaithe.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Déanfaidh an contrapháirtí lárnach an sainordú, na socruithe rialachais chun a neamhspleáchas a áirithiú, na nósanna imeachta oibriúcháin, na critéir iontrála agus an sásra toghcháin le haghaidh chomhaltaí an choiste riosca a chinneadh go soiléir. Beidh na socruithe rialachais ar fáil don phobal, agus cinnfidh siad, ar a laghad, go mbeidh an coiste riosca faoi chathaoirleacht comhalta neamhspleách den bhord, go dtuairisceoidh sé go díreach don bhord agus go reáchtálfaidh sé cruinnithe rialta.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Cuirfidh an coiste riosca comhairle ar an mbord faoi aon socruithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bhainistiú riosca an CPL, amhail athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir maidir le comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d’eisfhoinsiú feidhmeanna. Cuirfidh an coiste riosca aon riosca nua a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athléimneacht an CPL in iúl don bhord go tráthúil. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d’oibríochtaí laethúla an CPL. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbeidh tionchar acu ar bhainistíocht riosca an CPL i gcásanna éigeandála, lena n-áirítear forbairtí a bhaineann le neamhchosaintí chomhaltaí imréitigh ar an CPL agus idirthuilleamaíochtaí le CPLanna eile.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Gan dochar do cheart ESMA agus na n-údarás inniúil a bheith curtha ar an eolas mar is cuí, beidh comhaltaí an choiste riosca faoi cheangal ag rúndacht. I gcás ina gcinneann cathaoirleach an choiste riosca go bhfuil coinbhleacht leasa nó go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ag comhalta maidir le hábhar ar leith, ní bheidh cead ag an gcomhalta sin vótáil ar an ábhar sin.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Cuirfidh CPL ESMA, an t-údarás inniúil agus an coiste riosca ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus míneoidh sé cinneadh den sórt sin. Féadfaidh an coiste riosca nó aon chomhalta den choiste riosca an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon réimse ina measann sé nár leanadh comhairle an choiste riosca.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|