+Airteagal 29 Taifead a choimeád
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
|
Airteagal 29 Taifead a choimeád
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach na taifid ar fad ar na seirbhísí agus ar an ngníomhaíocht a sholáthrófar, ar feadh deich mbliana ar a laghad, ionas gur féidir leis an údarás inniúil faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 29 2.
|
Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach an fhaisnéis ar fad ar na conarthaí a bheidh próiseáilte aige ar feadh deich mbliana ar a laghad tar éis conradh a fhoirceannadh. Beifear in ann, ar a laghad, téarmaí bunaidh idirbhirt a shainaithint sula ndéanfaidh an contrapháirtí lárnach sin é a imréiteach, de dhroim na faisnéise sin.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Cuirfidh contrapháirtí lárnach na taifid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus an fhaisnéis ar fad ar shuíomhanna na gconarthaí imréitithe, beag beann ar an ionad ina ndearnadh na hidirbhearta, ar fáil don údarás inniúil, do ÚEUM arna iarraidh sin dó, agus do chomhaltaí ábhartha CEBC.
|
|
Airteagal 29 4.
|
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar mionsonraí na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coimeád amhail dá dtagraítear i mír 1 go mír 3. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 29 5.
|
D'fhonn a áirithiú go gcuirfear mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm de réir coinníollacha aonfhoirmeacha, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid na dtaifead agus na faisnéise a bheidh le coinneáil a shonrú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin rialála cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|