+Airteagal 39 Leithscaradh agus iniomparthacht
---+Airteagal 39 1.
---+Airteagal 39 2.
---+Airteagal 39 3.
---+Airteagal 39 4.
---+Airteagal 39 5.
---+Airteagal 39 6.
---+Airteagal 39 7.
---+Airteagal 39 8.
---+Airteagal 39 9.
---+Airteagal 39 10.
---+Airteagal 39 11.

Airteagal 39 Leithscaradh agus iniomparthacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 39 1.
Coimeádfaidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis, tráth ar bith agus gan mhoill, sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas comhalta imréitigh amháin a idirdhealú ó shócmhainní agus ó shuíomhanna a choimeádtar do chuntas aon chomhalta imréitigh eile agus óna shócmhainní féin.
Airteagal 39 2.
Tairgfidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád lena gcuirfear ar chumas gach comhalta imréitigh sna cuntais leis an gcontrapháirtí lárnach sócmhainní agus suíomhanna an chomhalta imréitigh sin a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais a chliant (“leithscaradh cliant comhthiomsaithe”).
Airteagal 39 3.
Tairgfidh contrapháirtí lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha a choimeád lena gcuirfear ar chumas gach comhalta imréitigh, i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach, na sócmhainní agus na suíomhanna a choimeádtar do chuntas cliaint a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntais cliant eile (“leithscaradh cliant aonair”). Arna iarraidh sin air, tairgfidh an contrapháirtí lárnach do na comhaltaí imréitigh go bhféadfaí tuilleadh cuntas a oscailt ina n-ainm féin nó do chuntais a gcliant.
Airteagal 39 4.
Coimeádfaidh comhalta imréitigh lárnach taifid mar aon le cuntais leithleacha ionas gur féidir leis sna cuntais a choimeádtar leis an gcontrapháirtí lárnach agus lena chuntais féin araon a shócmhainní agus a shuíomhanna a idirdhealú ó na sócmhainní agus ó na suíomhanna a choimeádtar do chuntas a chliant ag an gcontrapháirtí lárnach.
Airteagal 39 5.
Tairgfidh comhalta imréitigh dá chliaint, ar a laghad, an rogha idir “leithscaradh cliant comhthiomsaithe” agus "leithscaradh cliaint aonair" agus cuirfidh sé ar an eolas iad maidir leis na costais agus an leibhéal cosaint dá dtagraítear i mír 7 a bhaineann le gach rogha. Déanfaidh an cliant a rogha a dhearbhú i scríbhinn.
Airteagal 39 6.
I gcás ina nglacann cliant leithscaradh cliant aonair, déanfar aon éarlais iomarcach a bheidh sa bhreis ar riachtanas an chliaint a chur suas chuig an gcontrapháirtí lárnach agus go ndéanfaí é a idirdhealú ó éarlaisí cliant eile nó ó chomhaltaí imréitigh eile agus ní dhéanfar iad a nochtadh do chaillteanais a nasctar le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.
Airteagal 39 7.
Nochtfaidh contrapháirtithe lárnacha agus na comhaltaí imréitigh go poiblí na leibhéil cosanta agus na costais a bhaineann leis na leibhéil éagsúla leithscartha a chuireann siad ar fáil agus tairgfidh siad na seirbhísí sin ar théarmaí tráchtála réasúnacha. Sna mionsonraí maidir leis na leibhéil éagsúla leithscartha, áireofar cur síos ar na príomhimpleachtaí dlíthiúla maidir leis na leibhéil leithscartha faoi seach a bheidh á dtairiscint, lena n-áirítear an dlí dócmhainneachta atá infheidhme sna dlínsí lena mbaineann.
Airteagal 39 8.
Beidh ceart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach a bhainfidh leis na héarlaisí nó leis na ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana a bailíodh trí shocrú comhthaobhach airgeadais urrúis, laistigh de bhrí Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais ( 23 ) ar choinníoll go bhforáiltear dó sin lena rialacha oibriúcháin. Déanfaidh an comhalta imréitigh a dhearbhú i scríbhinn go mbeidh glactha aige leis na rialacha oibriúcháin. Nochtfaidh an contrapháirtí lárnach go poiblí an ceart úsáide sin a dhéanfar a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 47.
Airteagal 39 9.

Comhlíontar an ceanglas sócmhainní agus suíomhanna a idirdhealú i gcuntais leis an gcontrapháirtí lárnach má chloítear leis na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

taifeadtar na sócmhainní agus suíomhanna i gcuntais leithleacha;

(b) 

cuirtear cosc ar shuíomhanna a thaifeadtar ar chuntais éagsúla a ghlanadh;

(c) 

ní nochtar na sócmhainní lena gcumhdaítear na suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas do chaillteanais atá nasctha le suíomhanna a thaifeadtar i gcuntas eile.

Airteagal 39 10.
Tagraítear le sócmhainní do chomhthaobhacht a choimeádtar chun suíomhanna a chumhdach agus áirítear leo an ceart chun sócmhainní atá coibhéiseach leis an gcomhthaobhacht sin nó an ceart i leith na bhfáltas a thig as réadú aon chomhthaobhachta a aistriú, ach ní áirítear leo ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana.
Airteagal 39 11.
Ní chuirfidh dlíthe dócmhainneachta náisiúnta na mBallstát cosc ar chontrapháirtí lárnach a bheith ag gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 48(5), (6) agus (7) maidir leis na sócmhainní agus na suíomhanna arna dtaifeadadh sna cuntais dá dtagraítear i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.