Beidh ceart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach a bhainfidh leis na héarlaisí nó leis na ranníocaíochtaí i leith ciste mhainneachtana a bailíodh trí shocrú comhthaobhach airgeadais urrúis, laistigh de bhrí Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (
23
) ar choinníoll go bhforáiltear dó sin lena rialacha oibriúcháin. Déanfaidh an comhalta imréitigh a dhearbhú i scríbhinn go mbeidh glactha aige leis na rialacha oibriúcháin. Nochtfaidh an contrapháirtí lárnach go poiblí an ceart úsáide sin a dhéanfar a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 47.