+Airteagal 45a Srianta sealadacha i gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana
---+Airteagal 45a 1.
---+Airteagal 45a 2.
---+Airteagal 45a 3.
|
Airteagal 45a Srianta sealadacha i gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 45a 1.
|
I gcás teagmhas suntasach neamh-mhainneachtana mar a shainmhínítear i bpointe (9) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/23, féadfaidh an t-údarás inniúil ceangal a chur ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas ar feadh tréimhse a shonróidh an t-údarás inniúil, ar tréimhse í nach faide ná cúig bliana:
(a)
íocaíocht díbhinne a dhéanamh nó gealltanas neamh-inchúlghairthe a thabhairt chun íocaíocht díbhinne a dhéanamh, ach amháin i gcás cearta i leith díbhinní dá dtagraítear go sonrach i Rialachán (AE) 2021/23 mar chineál cúitimh;
(b)
aischeannach gnáthscaireanna;
(c)
oibleagáid a chruthú luach saothair inathraitheach mar a shainítear i mbeartas luacha saothair an CPL de bhun Airteagal 26(5) den Rialachán seo, sochair phinsin lánroghnacha nó pacáistí téarfa a íoc leis an lucht bainistíochta sinsearaí mar a shainmhínítear i bpointe 29 d’Airteagal 2 den Rialachán seo.
Ní chuirfidh an t-údarás inniúil srian ar an CPL i dtaobh aon cheann de na gníomhaíochtaí sa chéad fhomhír a dhéanamh, má tá oibleagáid dhlíthiúil ar an CPL an ghníomhaíocht sin a dhéanamh agus má bunaíodh an oibleagáid roimh na teagmhais de bhun na chéad fhomhíre.
|
|
Airteagal 45a 2.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh na srianta i mír 1 a tharscaoileadh i gcás ina measfaidh sé nach laghdódh tarscaoileadh na srianta sin cainníocht ná infhaighteacht acmhainní dílse an CPL, go háirithe acmhainní dílse atá ar fáil lena n-úsáid mar bheart téarnaimh.
|
|
Airteagal 45a 3.
|
Déanfaidh ESMA faoin 12 Feabhra 2022 dréacht-treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonrófar a thuilleadh na cúinsí ina bhféadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar an CPL staonadh ó aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|