+Airteagal 49 1c.

Airteagal 49 1c.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL agus ESMA araon measúnú, laistigh de 10 lá oibre tar éis na hadmhála go bhfuarthas an t-iarratas, i dtaobh an bhfuil na doiciméid is gá san iarratas agus i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis uile a cheanglaítear de bhun mhír 5, pointe (d), sna doiciméid sin.

I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA nár tíolacadh na doiciméid ná an fhaisnéis uile is gá, iarrfaidh údarás inniúil an CPL ar an CPL is iarratasóir doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a thíolacadh a shainaithin sé nó ESMA a bheith in easnamh, tríd an mbunachar sonraí lárnach. Sa chás sin, féadfar síneadh 10 lá oibre ar a mhéad a chur leis an tréimhse ama a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Diúltófar don iarratas i gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA gur mhainnigh an CPL aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh agus, i gcás den sórt sin, an t-údarás a tháinig ar an gconclúid go bhfuil an t-iarratas le diúltú, cuirfidh sé an t-údarás eile ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas faoi na cinntí an t-iarratas a dhiúltú tríd an mbunachar sonraí lárnach agus cuirfidh sé an CPL ar an eolas freisin faoi na doiciméid nó faoin bhfaisnéis a shainaithnítear mar dhoiciméid nó faisnéis atá in easnamh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.