+Airteagal 49 Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 1a.
---+Airteagal 49 1b.
---+Airteagal 49 1c.
---+Airteagal 49 1d.
---+Airteagal 49 1e.
---+Airteagal 49 1f.
---+Airteagal 49 1g.
---+Airteagal 49 1h.
---+Airteagal 49 1i.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
---+Airteagal 49 6.
|
Airteagal 49 Athbhreithniú ar shamhlacha, tástáil struis agus aistástáil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Déanfaidh CPL athbhreithniú tráthrialta ar na samhlacha agus ar na paraiméadair a glacadh chun a cheanglais éarlaise, ranníocaíochtaí le ciste mainneachtana, ceanglais chomhthaobhachta agus sásraí eile rialaithe riosca a ríomh. Cuirfidh sé tástálacha struis diana agus tráthrialta i bhfeidhm ar na samhlacha chun measúnú a dhéanamh ar a n-athléimneacht faoi dhálaí margaidh foircneacha ach sochreidte agus déanfaidh sé cúltástálacha chun measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na modheolaíochta a glacadh. Gheobhaidh an CPL bailíochtú neamhspleách, cuirfidh sé a údarás inniúil agus ESMA ar an eolas faoi thorthaí na dtástálacha a rinneadh agus gheobhaidh sé a mbailíochtú i gcomhréir le míreanna 1a go 1e sula nglacfaidh sé aon athrú suntasach ar na samhlacha agus ar na paraiméadair. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL athrú a ghlacadh ar shamhail nó ar pharaiméadar dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(a)
i gcás ina measann an CPL gur athrú suntasach é an t-athrú atá beartaithe de bhun mhír 1i, déanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo;
(b)
i gcás ina measann an CPL nach athrú suntasach é an t-athrú atá beartaithe de bhun mhír 1i den Airteagal seo, déanfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 49a.
|
|
Airteagal 49 1a.
|
Gach athrú ar shamhlacha agus ar pharaiméadair nach ndéantar measúnú air faoi Airteagal 49a, déanfar measúnú air i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo. Beidh na samhlacha agus na paraiméadair a ghlactar, lena n-áirítear aon athrú suntasach a dhéantar orthu, faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcomhréir leis an Airteagal seo. Áiritheoidh ESMA go gcuirfear an fhaisnéis faoi thorthaí na dtástálacha struis ar aghaidh chuig na ÚMEnna, chuig CEBC agus chuig an mBord Réitigh Aonair chun a chur ar a gcumas measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint na ngnóthas airgeadais ar mhainneachtain na CPLanna.
|
|
Airteagal 49 1b.
|
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag CPL aon athrú ar shamhail nó ar pharaiméadar dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, tíolacfaidh sé iarratas ar bhailíochtú an athraithe sin i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach. Déanfar an t-iarratas sin a chomhroinnt láithreach le húdarás inniúil an CPL, le ESMA agus leis an gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18. Cuirfidh an CPL faoi iamh bailíochtú neamhspleách ar an athrú atá beartaithe ar a iarratas. Laistigh de 2 lá oibre ó iarratas den sórt sin a thíolacadh, seolfar admháil chuig an CPL tríd an mbunachar sonraí lárnach go bhfuarthas an t-iarratas.
|
|
Airteagal 49 1c.
|
Déanfaidh údarás inniúil an CPL agus ESMA araon measúnú, laistigh de 10 lá oibre tar éis na hadmhála go bhfuarthas an t-iarratas, i dtaobh an bhfuil na doiciméid is gá san iarratas agus i dtaobh an bhfuil an fhaisnéis uile a cheanglaítear de bhun mhír 5, pointe (d), sna doiciméid sin. I gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA nár tíolacadh na doiciméid ná an fhaisnéis uile is gá, iarrfaidh údarás inniúil an CPL ar an CPL is iarratasóir doiciméid bhreise nó faisnéis bhreise a thíolacadh a shainaithin sé nó ESMA a bheith in easnamh, tríd an mbunachar sonraí lárnach. Sa chás sin, féadfar síneadh 10 lá oibre ar a mhéad a chur leis an tréimhse ama a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo. Diúltófar don iarratas i gcás ina gcinneann údarás inniúil an CPL nó ESMA gur mhainnigh an CPL aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh agus, i gcás den sórt sin, an t-údarás a tháinig ar an gconclúid go bhfuil an t-iarratas le diúltú, cuirfidh sé an t-údarás eile ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas faoi na cinntí an t-iarratas a dhiúltú tríd an mbunachar sonraí lárnach agus cuirfidh sé an CPL ar an eolas freisin faoi na doiciméid nó faoin bhfaisnéis a shainaithnítear mar dhoiciméid nó faisnéis atá in easnamh.
|
|
Airteagal 49 1d.
|
Laistigh de 40 lá oibre ón gcinneadh go ndearnadh na doiciméid agus an fhaisnéis uile a thíolacadh i gcomhréir le mír 1c:
(a)
déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú riosca ar an athrú suntasach agus cuirfidh sé a thuarascáil faoi bhráid ESMA agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18; agus
(b)
déanfaidh ESMA measúnú riosca ar an athrú suntasach agus cuirfidh sé a thuarascáil faoi bhráid údarás inniúil an CPL agus an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18.
Le linn na tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh údarás inniúil an CPL, ESMA nó aon duine de chomhaltaí an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 ceisteanna a chur go díreach chuig an CPL is iarratasóir agus faisnéis chomhlántach a iarraidh air, tríd an mbunachar sonraí lárnach, agus socróidh siad sprioc-am faoina bhfuil ar an CPL is iarratasóir faisnéis den sórt sin a sholáthar. Laistigh de 15 lá oibre ó na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, glacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim de bhun Airteagal 19 agus tarchuirfidh sé chuig ESMA agus chuig an údarás inniúil í. D’ainneoin glacadh sealadach i gcomhréir le mír 1g, ní ghlacfaidh an t-údarás inniúil agus ESMA cinneadh maidir le bailíochtú na n-athruithe suntasacha ar na samhlacha agus ar na paraiméadair a dheonú nó a dhiúltú go dtí go nglacfaidh an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 tuairim den sórt sin, ach amháin i gcás nár ghlac an coláiste an tuairim sin faoin sprioc-am.
|
|
Airteagal 49 1e.
|
Laistigh de 10 lá oibre ó thuairim an choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 a fháil, nó tar éis dhul in éag an sprioc-ama chun an tuairim sin a thabhairt, cibé acu is luaithe, deonóidh údarás inniúil an CPL agus ESMA araon an bailíochtú nó diúltóidh siad dó araon, agus na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1d, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, agus an tuairim sin, á gcur san áireamh, agus cuirfidh siad a chéile ar an eolas i scríbhinn faoi sin, agus míniú lánréasúnaithe á thabhairt ar dheonú nó diúltú an bhailíochtaithe. I gcás nach bhfuil an t-athrú bailíochtaithe ag údarás inniúil an CPL nó ag ESMA, diúltófar don bhailíochtú. I gcás nach n-aontaíonn údarás inniúil an CPL leis an tuairim ó ESMA nó ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear aon cheann de na coinníollacha nó moltaí atá inti, beidh cúiseanna iomlána agus míniú ina chinneadh maidir le haon imeacht suntasach ón tuairim sin nó ó na coinníollacha nó moltaí sin.
|
|
Airteagal 49 1f.
|
Cuirfidh údarás inniúil an CPL an CPL ar an eolas, laistigh den sprioc-am dá dtagraítear i mír 1e, i dtaobh ar deonaíodh nó ar diúltaíodh an bailíochtú agus tabharfaidh sé míniú lánréasúnaithe ina leith.
|
|
Airteagal 49 1g.
|
Ní fhéadfaidh an CPL aon athrú suntasach ar shamhail nó ar pharaiméadar dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh sula bhfaighidh sé an bailíochtú óna údarás inniúil agus ó ESMA araon. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, arna iarraidh sin don CPL, féadfaidh an t-údarás inniúil, le comhaontú ó ESMA, cead a thabhairt athrú suntasach ar shamhail nó ar pharaiméadar a ghlacadh go sealadach sula mbailíochtófar iad i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin. Ní cheadófar athrú sealadach den sórt sin ach ar feadh tréimhse áirithe arna sonrú ag údarás inniúil an CPL agus ESMA go comhpháirteach. Tar éis dhul in éag na tréimhse sin, ní cheadófar don CPL athrú den sórt sin a úsáid ach amháin má tá sé bailíochtaithe de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 49 1h.
|
Maidir le hathruithe ar pharaiméadair ar de thoradh iad ar mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm atá mar chuid de shamhail bhailíochtaithe, mar gheall ar ionchur seachtrach nó mar gheall ar athbhreithniú tráthrialta nó cleachtadh calabrúcháin, ní mheasfar gur athruithe ar shamhlacha ná ar pharaiméadair iad chun críocha an Airteagail seo agus Airteagal 49a.
|
|
Airteagal 49 1i.
|
Measfar gur athrú suntasach é athrú i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
fágann an t-athrú go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe iomlána an CPL, lena n-áirítear ceanglais éarlaise, ciste mainneachtana agus acmhainní dílse tiomnaithe dá dtagraítear in Airteagal 45(4);
(b)
athraítear struchtúr nó gnéithe struchtúracha na samhla éarlaise;
(c)
déantar comhpháirt den tsamhail éarlaise, lena n-áirítear paraiméadar éarlaise nó forlíontán, a thabhairt isteach, a bhaint nó a leasú ar bhealach a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar aschur na samhla éarlaise ar leibhéal an CPL;
(d)
athraítear an mhodheolaíocht a úsáidtear chun fritháirimh phunainne a ríomh, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar na ceanglais éarlaise iomlána le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais laistigh den phunann;
(e)
athraítear an mhodheolaíocht chun cásanna tástála struis a shainiú agus a chalabrú chun méid chistí mainneachtana an CPL agus méid ranníocaíochtaí na gcomhaltaí imréitigh aonair leis na cistí mainneachtana sin a chinneadh, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar mhéid aon cheann de na cistí mainneachtana nó ar aon ranníocaíocht aonair le ciste mainneachtana;
(f)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar riosca leachtachta, rud a fhágann go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar na riachtanais leachtachta a mheastar in airgeadra ar bith nó ar na riachtanais leachtachta iomlána;
(g)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun an riosca comhchruinnithe atá ag CPL i leith contrapháirtí aonair a chinneadh, sa chaoi go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar neamhchosaint fhoriomlán an CPL ar an gcontrapháirtí sin;
(h)
athraítear an mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm chun comhthaobhacht a luacháil, nó caolchorrlaigh chomhthaobhachta a chalabrú, sa chaoi go dtiocfaidh laghdú nó méadú suntasach ar luach iomlán na comhthaobhachta;
(i)
d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith ag an athrú ar riosca foriomlán an CPL.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Déanfaidh contrapháirtí lárnach tástáil rialta ar phríomhghnéithe a nósanna imeachta mainneachtana agus glacfaidh sé na céimeanna réasúnacha ar fad lena áirithiú go dtuigfidh na comhaltaí imréitigh ar fad iad agus go mbeidh socraíochtaí iomchuí i bhfeidhm acu le freagairt do theagmhas mainneachtana.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Nochtfaidh contrapháirtí lárnach go poiblí faisnéis ríthábhachtach ar a shamhail bhainistithe riosca agus na toimhdí ar glacadh leo chun na tástálacha struis a dtagraítear dóibh i mír 1 a dhéanamh.
|
|
Airteagal 49 4.
|
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE, na húdaráis inniúla ábhartha eile agus le comhaltaí CEBC dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar na nithe seo a leanas:
(a)
na cineálacha tástálacha a bheidh le déanamh le haghaidh aicmí éagsúla d'ionstraimí airgeadais agus punanna;
(b)
rannpháirtíocht comhaltaí imréitigh nó páirtithe eile sna tástálacha;
(c)
minicíocht na dtástálacha;
(d)
tréimhse ionchais na dtástálacha;
(e)
an fhaisnéis ríthábhachtach dá dtagraítear i mír 3.
Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 49 5.
|
Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh;
(a)
cad is méadú nó laghdú suntasach ann chun críocha mhír 1i, pointí (a) agus (c) go (h);
(b)
na gnéithe atá le cur san áireamh agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1i;
(c)
athruithe eile ar shamhlacha ar féidir a mheas go bhfuil siad cumhdaithe cheana leis an tsamhail fhormheasta agus, dá bhrí sin, nach meastar gur athrú samhla iad agus nach bhfuil siad faoi réir na nósanna imeachta a bhunaítear san Airteagal seo nó in Airteagal 49a; agus
(d)
na liostaí de na doiciméid a cheanglaítear agus atá le bheith ag gabháil le hiarratas ar bhailíochtú de bhun mhír 1c den Airteagal seo agus Airteagal 49a agus an fhaisnéis atá le bheith i ndoiciméid den sórt sin chun a léiriú go gcomhlíonann an CPL ceanglais ábhartha uile an Rialacháin seo.
Beidh na doiciméid agus an leibhéal faisnéise a cheanglaítear i gcomhréir le cineál an bhailíochtaithe samhla ach beidh dóthain mionsonraí iontu chun anailís chuí ar an athrú a áirithiú. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh ESMA luachanna éagsúla a shocrú i gcás na bpointí éagsúla i mír 1i. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 49 6.
|
Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun formáid leictreonach an iarratais atá le tíolacadh chuig an mbunachar sonraí lárnach maidir leis an mbailíochtú dá dtagraítear i mír 1b den Airteagal seo agus Airteagal 49a a shonrú. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|