|
+Airteagal 52 1. |
Airteagal 52 1.Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta:
(a)
beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí a eascraíonn ón socrú a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;
(b)
comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;
(c)
rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach;
(d)
an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d'fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú idir-inoibritheachta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo. Chun críocha phointe (b), den chéad fhomhír úsáidfidh contrapháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE, i gcás ina bhfuil siad ábhartha. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha i gcrích leis. Chun críocha phointe (d), den chéad fhomhír, beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar athúsáid comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas a tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|