+Airteagal 52 Bainistiú riosca
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
|
Airteagal 52 Bainistiú riosca
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1.
|
Déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha sin atá ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta:
(a)
beartais leordhóthanacha, nósanna imeachta leordhóthanacha agus córais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí a eascraíonn ón socrú a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú ionas go mbeidh siad in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh ar shlí thráthúil;
(b)
comhaontú a dhéanamh faoina gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach, lena n-áirítear an dlí is infheidhme a rialaíonn an caidreamh eatarthu;
(c)
rioscaí creidmheasa agus leachtachta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú go héifeachtach ionas nach mbeidh tionchar ag mainneachtain comhalta imréitigh contrapháirtí lárnaigh amháin ar chontrapháirtí lárnach idir-inoibritheach;
(d)
an idirthuilleamaíocht agus na comhghaoil a d'fheadfadh teacht chun cinn ó shocrú idir-inoibritheachta agus a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chreidmheas agus na rioscaí leachtachta a bhaineann le comhdhlúthú comhaltaí imréitigh agus le hacmhainní comhroinnte airgeadais, iad sin a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus dul i ngleic leo.
Chun críocha phointe (b), den chéad fhomhír úsáidfidh contrapháirtithe lárnacha na rialacha céanna maidir leis an bpointe a dtagann orduithe aistrithe isteach ina gcórais faoi seach mar aon leis an bpointe do-athraitheachta mar atá leagtha amach i dTreoir 98/26/CE, i gcás ina bhfuil siad ábhartha. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, beidh cuntas imlíne i dtéarmaí an tsocraithe faoi conas a bhainisteofar iarmhairt na mainneachtana sa chás go loiceann ceann de na comhpháirtithe lárnacha a bhfuil socrú idir-inoibritheachta curtha i gcrích leis. Chun críocha phointe (d), den chéad fhomhír, beidh smacht daingean faoin socrú ag na comhpháirtithe lárnacha ar athúsáid comhthaobhachta na gcomhaltaí imréitigh, má cheadaíonn na húdaráis inniúla a leithéid. Tabharfar breac-chuntas sa chomhaontú ar conas a tugadh aghaidh ar na rioscaí sin agus cuirfear cuimsiú leordhóthanach agus an gá maidir le teorainn a chur le tadhlacht san áireamh.
|
|
Airteagal 52 2.
|
Nuair nach ionann na córais bhainistithe riosca a úsáideann na contrapháirtithe lárnacha chun a neamhchosaint ar a gcomhaltaí imréitigh nó a neamhchosaintí frithpháirteacha a chumhdach, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha na difríochtaí sin a aithint, déanfaidh siad measúnú ar an mbaol a d'fhéadfadh a bheith ann dá mbarr, agus déanfaidh siad bearta, lena n-áirítear acmhainní breise airgeadais a fháil, a dhéanfaidh maolú ar an tionchar a bheidh acu ar na socruithe idir-inoibritheachta mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith acu ó thaobh riosca tadhlachta agus áiritheoidh siad nach mbeidh tionchar ag na difríochtaí sin ar chumas gach contrapháirtí lárnaigh iarmhairtí mainneachtana comhalta imréitigh a bhainistiú.
|
|
Airteagal 52 3.
|
Is ar an gcontrapháirtí lárnacha a iarann idir-inoibritheacht nó rochtain a bheidh aon chostais ghaolmhara a eascraíonn as mír 1 agus mír 2, mura gcomhaontóidh na páirtithe a mhalairt.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|