+Airteagal 53 Corrlaigh a sholáthar idir chontrapháirtithe lárnacha
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.

Airteagal 53 Corrlaigh a sholáthar idir chontrapháirtithe lárnacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach idirdhealú sna cuntais ar na sócmhainní agus na suíomhanna a shealbhaítear do chuntas na gcontrapháirtithe lárnacha lena mbeidh sé ag déanamh socraithe idir-inoibritheachta.
Airteagal 53 2.
Mura gcuirfidh contrapháirtí lárnach a dhéanfaidh socrú idir-inoibritheachta le contrapháirtí lárnach eile ach éarlaisí tosaigh ar fáil faoi shocrú comhthaobhachta airgeadais urrúis, ní bheidh aon cheart úsáide ag an gcontrapháirtí lárnach is faighteoir maidir leis na héarlaisí a chuirfidh an contrapháirtí lárnach eile ar fáil.
Airteagal 53 3.
Déanfar comhthaobhacht i bhfoirm ionstraimí airgeadais a thaisceadh le hoibreoirí na gcóras socraíochta urrús a dtugtar fógra dóibh faoi Threoir 98/26/CE.
Airteagal 53 4.
Ní bheidh na sócmhainní dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar fáil don chontrapháirtí lárnach is faighteoir ach i gcás mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh a chuirfidh an chomhthaobhacht ar fáil i gcomhthéacs socraithe idir-inoibritheachta.
Airteagal 53 5.
I gcás mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh a fhaigheann an chomhthaobhacht i gcomhthéacs socraithe idir-inoibritheachta, tabharfar an chomhthaobhacht dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar ais don chontrapháirtí lárnach is soláthróir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.