+Airteagal 62 Imscrúduithe ginearálta
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
---+Airteagal 62 5.
---+Airteagal 62 6.
|
Airteagal 62 Imscrúduithe ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Chun a dhualgais a chur i gcrích faoin Rialachán seo, féadfaidh ÚEUM gach imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1). Chuige sin, cumhachtófar do na hoifigigh agus do na daoine eile a údaróidh ÚEUM an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
scrúdú a dhéanamh ar aon taifid, ar aon sonraí, ar aon nósanna imeachta agus ar aon ábhar eile atá ábhartha i ndáil le forghníomhú a chúraimí, beag beann ar an meán ar a bhfuil siad stóráilte;
(b)
cóipeanna cleamhnaithe a dhéanamh nó cóipeanna deimhnithe a fháil de na taifid sin, de na sonraí sin, de na nósanna imeachta sin agus den ábhar eile sin, nó sleachta astu a thógáil nó a fháil;
(c)
aon duine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó a n-ionadaithe nó daoine dá bhfoireann a thoghairm agus a iarraidh orthu mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a thabhairt ar fhíorais nó ar dhoiciméid a bhaineann le hábhar agus le cuspóir na cigireachta, agus na freagraí a thaifeadadh;
(d)
agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;
(e)
taifid a iarraidh de thrácht teileafóin agus sonraí.
|
|
Airteagal 62 2.
|
Déanfaidh na hoifigigh agus na daoine eile a bheidh údaraithe ÚEUM chun críocha na n-imscrúduithe dá dtagraítear i mír 1 a gcumhachtaí a fheidhmiú ar údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonraítear ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe. Sonróidh an t-údarú sin freisin na tráthíocaíochtaí pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 66 i gcás nach soláthrófar na taifid, na sonraí, na nósanna imeachta, ná aon ábhar eile a éilítear ná freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) nó i gcás ina mbeidh na nithe sin neamhiomlán, agus sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 65, i dteannta phointe (b) de Roinn IV d'Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh ar na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Rachaidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 61(1) faoi imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ón ÚEUM. Sonrófar sa chinneadh ábhar agus cuspóir an imscrúdaithe, na tráthíocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear in Airteagal 66, na réitigh dhlí atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh 1095/2010 chomh maith leis an gceart an cinneadh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais lena athbhreithniú.
|
|
Airteagal 62 4.
|
In am trátha sula ndéanfar an t-imscrúdú, cuirfidh ÚEUM údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-imscrúdú le déanamh ar an eolas faoin imscrúdú agus faoi chéannacht na ndaoine údaraithe. Ar iarraidh a fháil ón ÚEUM, tabharfaidh oifigigh de chuid an údaráis inniúil cúnamh do na daoine údaraithe sin agus a ndualgais á gcur i gcrích acu. Féadfaidh oifigigh ón údarás inniúil lena mbaineann freastal ar na himscrúduithe freisin arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 62 5.
|
Má tá gá le húdarú a fháil ó údarás breithiúnach d'údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le rialacha náisiúnta i gcás ina n-iarrfar taifid tráchta teileafóin nó tráchta sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, déanfaidh ÚEUM iarratas ar an údarú sin freisin. Féadfaidh ÚEUM iarratas a dhéanamh ar an údarú sin freisin mar bheart réamhchúraim.
|
|
Airteagal 62 6.
|
I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 5, déanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh ÚEUM barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na n-imscrúduithe. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar ÚEUM mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag ÚEUM chun drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an imscrúdú ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad ÚEUM a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh ÚEUM faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais agus i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|