|
+Airteagal 65 2. |
Airteagal 65 2.Déanfar méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
(a)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de Roinn I d'Iarscríbhinn I agus i bpointe (c) go pointe (g), de Roinn II d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) de Roinn III d'Iarscríbhinn I, EUR 10 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná ►M12 EUR 200 000 ◄ ;
(b)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointí (d) go (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 100 000 .
(c)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000 . Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a bheith ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás stórtha trádála ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 mhilliún, beidh sé i lár na teorann i gcás an stóir thrádála a bhfuil a láimhdeachas idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás an stóir thrádála ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 mhilliún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|