+Airteagal 65 Fíneálacha
---+Airteagal 65 1.
---+Airteagal 65 2.
---+Airteagal 65 3.
---+Airteagal 65 4.
|
Airteagal 65 Fíneálacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 65 1.
|
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 64(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna stór trádála ceann de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, d'aon ghnó nó le faillí, glacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Measfar go ndearna stór trádála sárú d'aon ghnó má thagann ÚEUM ar ghnéithe oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an stór trádála nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.
|
|
Airteagal 65 2.
|
Déanfar méideanna bunúsacha na bhfíneálacha dá dtagraítear i mír 1 a áireamh laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
(a)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de Roinn I d'Iarscríbhinn I agus i bpointe (c) go pointe (g), de Roinn II d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a) agus i bpointe (b) de Roinn III d'Iarscríbhinn I, EUR 10 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná
►M12
EUR 200 000 ◄ ;
▼M12
(b)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointí (d) go (h) de Roinn I d'Iarscríbhinn I, agus i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (h) de Roinn II d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 100 000 .
▼M12
(c)
maidir leis na sáruithe dá dtagraítear i Roinn I d'Iarscríbhinn I, EUR 5 000 ar a laghad a bheidh i méideanna na bhfíneálacha agus ní fhorchuirfear fíneáil níos mó ná EUR 10 000 .
▼B
Chun a chinneadh ar cheart méid bunúsach na bhfíneálacha a bheith ag ceann íochtair, ag lár nó ag ceann uachtair na dteorainneacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, tabharfaidh ÚEUM aird ar láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin. Beidh an méid bunúsach ag ceann íochtair na teorann i gcás stórtha trádála ar lú a láimhdeachas bliantúil ná EUR 1 mhilliún, beidh sé i lár na teorann i gcás an stóir thrádála a bhfuil a láimhdeachas idir EUR 1 mhilliún agus EUR 5 mhilliún agus beidh sé ag ceann uachtair na teorann i gcás an stóir thrádála ar mó a láimhdeachas bliantúil ná EUR 5 mhilliún.
|
|
Airteagal 65 3.
|
Déanfar na méideanna bunúsacha a leagtar amach i mír 2, a choigeartú, más gá sin, trí fhachtóirí géaraitheacha nó fhachtóirí maolaitheacha a chur san áireamh i gcomhréir leis na comhéifeachtaí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí géaraitheacha ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht ghéaraitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta géaraithí ar leith a chur leis an méid bunúsach. Is ceann ar cheann a dhéanfar na comhéifeachtaí maolaitheach ábhartha a chur i bhfeidhm i leith an mhéid bhunúsaigh. Má tá níos mó ná comhéifeacht mhaolaitheach amháin infheidhme, déanfar an difríocht idir an méid bunúsach agus an méid a bheidh ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm gach comhéifeachta maolaithí ar leith a dhealú ón méid bunúsach.
|
|
Airteagal 65 4.
|
D'ainneoin mhír 2 agus mhír 3, ní bheidh méid na fíneála níos mó ná 20 % de láimhdeachas bliantúil an stóir thrádála lena mbaineann sa bhliain ghnó roimhe sin ach, i gcás ina bhfuair an stór trádála tairbhe airgeadais go díreach nó go hindíreach ón sárú, beidh méid na fíneála comhionann, ar a laghad, leis an tairbhe sin. Más rud é, maidir le gníomh nó neamhghníomh stóir thrádála, go bhfuil níos mó ná sárú amháin de na sáruithe a liostaítear in Iarscríbhinn I san áireamh ann, ní bheidh feidhm ach ag an bhfíneáil is airde, ar fíneáil í a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3 agus a bhaineann le ceann amháin de na sáruithe sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|