+Airteagal 74 Cúraimí ÚEUM a tharmligean chuig údaráis inniúla
---+Airteagal 74 1.
---+Airteagal 74 2.
---+Airteagal 74 3.
---+Airteagal 74 4.
---+Airteagal 74 5.

Airteagal 74 Cúraimí ÚEUM a tharmligean chuig údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 74 1.
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a chomhlíonadh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí sonracha maoirseachta a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d'eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 61 agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 62 agus le hAirteagal 63(6) a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
Airteagal 74 2.

Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha. Bainfidh an comhairliúchán sin leis na nithe seo a leanas:

(a) 

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) 

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) 

an fhaisnéis atá riachtanach a bheith á tharchur ag ÚEUM agus chuig ÚEUM

Airteagal 74 3.
I gcomhréir leis an rialachán maidir le táillí atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 72(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
Airteagal 74 4.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
Airteagal 74 5.
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn ar chumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a sheoladh agus a mhaoirsiú. Ní tharmligfear freagrachtaí maoirseachta faoin Rialachán seo, lena n-áirítear cinntí clárúcháin, measúnuithe críochnaitheacha agus cinntí leantacha maidir le sáruithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.