|
+Airteagal 85 1a. |
Airteagal 85 1a.Faoin 17 Meitheamh 2023 cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhraid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 30 ) ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, go háirithe maidir le contrapháirtithe airgeadais a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar agus maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);
(b)
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na sonraí a thuairiscítear chuig stórtha trádála, chomh maith le cáilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag stórtha trádála;
(c)
na hathruithe ar an gcreat tuairiscithe, lena n-áirítear glacadh agus cur chun feidhme tuairiscithe tarmligthe a leagtar síos in Airteagal 9(1a) agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar an ualach tuairiscithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh;
(d)
inrochtaineacht seirbhísí imréitigh, go háirithe an raibh an ceanglas chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ar théarmaí tráchtála cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3a) éifeachtach chun rochtain ar imréiteach a éascú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|