+Airteagal 85 Tuarascálacha agus Athbhreithniú
---+Airteagal 85 1.
---+Airteagal 85 1a.
---+Airteagal 85 3.
---+Airteagal 85 3a.
---+Airteagal 85 5.
---+Airteagal 85 6.
---+Airteagal 85 7.
---+Airteagal 85 8.
---+Airteagal 85 9.
---+Airteagal 85 10.
---+Airteagal 85 11.
---+Airteagal 85 12.
---+Airteagal 85 13.
---+Airteagal 85 14.
|
Airteagal 85 Tuarascálacha agus Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 85 1.
|
Faoin 25 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ullmhóidh sé tuarascáil ghinearálta. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le haon tograí iomchuí.
|
|
Airteagal 85 1a.
|
Faoin 17 Meitheamh 2023 cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhraid an Choimisiúin maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
30
) ar leibhéal an imréitigh a dhéanann contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais agus ar leithdháileadh an imréitigh laistigh de gach cineál contrapháirtí, go háirithe maidir le contrapháirtithe airgeadais a bhfuil méid teoranta gníomhaíochta acu i margaí díorthach thar an gcuntar agus maidir le hoiriúnacht na dtairseach imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(4);
(b)
tionchar Rialachán (AE) 2019/834 ar cháilíocht agus ar inrochtaineacht na sonraí a thuairiscítear chuig stórtha trádála, chomh maith le cáilíocht na faisnéise arna cur ar fáil ag stórtha trádála;
(c)
na hathruithe ar an gcreat tuairiscithe, lena n-áirítear glacadh agus cur chun feidhme tuairiscithe tarmligthe a leagtar síos in Airteagal 9(1a) agus go háirithe an tionchar a bheidh aige ar an ualach tuairiscithe do chontrapháirtithe neamhairgeadais nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide imréitigh;
(d)
inrochtaineacht seirbhísí imréitigh, go háirithe an raibh an ceanglas chun seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, ar théarmaí tráchtála cothroma, réasúnta, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3a) éifeachtach chun rochtain ar imréiteach a éascú.
|
|
Airteagal 85 3.
|
Faoin 18 Nollaig 2020 ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ina mheasúnófar an méid seo a leanas:
(a)
an gcruthaítear leis na hoibleagáidí chun idirbhearta a thuairisciú faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoin Rialachán seo oibleagáid tuairiscithe dúblach i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad agus an bhféadfaí tuairisciú na n-idirbheart i gcás díorthaigh nach díorthaigh thar an gcuntar iad a laghdú nó a shimpliú do na contrapháirtithe go léir gan aon chaillteanas míchuí faisnéise a bheith ann;
(b)
a riachtanaí nó a oiriúnaí atá sé an oibleagáid trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 a ailíniú leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
(c)
an ceart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1), ag cur san áireamh a mhéid a dhéantar rioscaí a mhaolú leis na trádálacha sin, go háirithe riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin, agus an bhféadfaí teacht timpeall ar an oibleagáid imréitigh nó an bhféadfadh dídhreasú maidir leis an imréiteach lárnach teacht as.
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
|
|
Airteagal 85 3a.
|
Faoin 18 Bealtaine 2020, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa tuarascáil sin:
(a)
comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, i dtéarmaí shonraí an chonartha dhíorthach atá le tuairisciú agus i dtéarmaí na rochtana ar shonraí a bhíonn ag na heintitis ábhartha agus cibé ar cheart na ceanglais sin a ailíniú;
(b)
a indéanta atá sé slabhraí tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh maidir leis na contrapháirtithe uile, lena n-áirítear do na cliaint uile indíreacha, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus na bearta a glacadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;
(c)
ailíniú na hoibleagáide trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
(d)
i gcomhar le BERS, ar cheart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
(i)
imscrúdú ar chomhbhrú punainne agus seirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála atá ar fáil lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach gan riosca margaidh na bpunann a athrú, amhail idirbhearta a athchothromú;
(ii)
tabharfar míniú inti chomh maith ar na cuspóirí agus ar na meicníochtaí a bhaineann leis na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin, a mhéid a mhaolaítear riosca leo, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin san áireamh, agus measúnóidh sé an gá atá le trádálacha den sórt sin a imréiteach, nó an gá iad a dhíolmhú ón gceanglas imréitigh, chun riosca sistéamach a bhainistiú; agus
(iii)
déanfaidh sé measúnú freisin ar a mhéid a chuirtear, le díolúine ón oibleagáid imréitigh do sheirbhísí den sórt sin, in éadan imréiteach lárnach agus a mhéid a d'fhéadfadh sé go dtiocfadh contrapháirtithe timpeall ar an oibleagáid imréitigh;
(e)
an bhféadfaí cur leis an liosta d'ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa, i gcomhréir le Airteagal 47 agus an bhféadfaí a áireamh ar an liosta sin ceann amháin nó níos mó de na cistí margaidh airgid arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
31
).
|
|
Airteagal 85 5.
|
Déanfaidh ÚEUM tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún maidir leis na pionóis a fhorchuirfidh na húdaráis inniúla, lena n-áirítear bearta maoirseachta, fíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha.
|
|
Airteagal 85 6.
|
Déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS agus le comhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 24b(3), le bainc cheannais eisiúna aon airgeadra de chuid an Aontais, ar sna hairgeadraí sin atá na hionstraimí airgeadais a imréitíonn CPL tríú tír nó atá le himréiteach ag CPL tríú tír ar a bhfuil an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2c) dírithe, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an ghnímh cur chun feidhme sin, ina ndéantar measúnú go háirithe ar cibé acu a mhaolaítear nó nach maolaítear go leordhóthanach an riosca cobhsaíochta don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá chuid Ballstát. Cuirfidh ESMA a thuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 12 mhí roimh dheireadh na tréimhse oiriúnaithe a chinntear i gcomhréir le pointe (b) den cheathrú fomhír d’Airteagal 25(2c). Ní bhainfidh comhaontú an bhainc ceannais eisiúna ach leis an airgeadra a eisíonn sé agus ní leis an tuarascáil ina hiomláine. Faoi cheann 12 mhí ó tharchur na tuarascála sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an ghnímh sin cur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
|
|
Airteagal 85 7.
|
Faoin 25 Nollaig 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an bhféidearthacht agus an indéantacht leithscaradh cuntas a cheangal feadh shlabhra imréitigh na gcontrapháirtithe neamhairgeadais agus airgeadais. Beidh anailís costais is tairbhe ag gabháil leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 85 8.
|
Faoin 25 Nollaig 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir lena iomchuí atá sé an sainmhíniú ar CPL, dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (1), den Rialachán seo, a leathnú chuig margaí eile lasmuigh de na margaí airgeadais, amhail margaí tráchtearraí, lena n-áirítear margaí mórdhíola fuinnimh, nó margaí i gcripteashócmhainní faoi Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
32
), agus maidir leis na himpleachtaí a ghabhann leis sin.
|
|
Airteagal 85 9.
|
Faoin 25 Nollaig 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéantar measúnú ar chothrom iomaíochta agus ar bhreithnithe cobhsaíochta airgeadais maidir le rochtain ghinearálaithe ar an mbanc ceannais do CPLanna an Aontais gan an coinníoll i dtaobh ceadúnas baincéireachta a choimeád. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin an staid i ndlínsí tríú tír.
|
|
Airteagal 85 10.
|
Faoin 25 Nollaig 2027, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis an ngníomhaíocht fhoriomlán in idirbhearta díorthach contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais atá faoi réir an Rialacháin seo, ina soláthraítear, inter alia, an fhaisnéis seo a leanas faoi na contrapháirtithe airgeadais agus neamhairgeadais sin, agus idirdhealú á dhéanamh idir a gcineál airgeadais nó neamhairgeadais:
(a)
na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais an Aontais a d’fhéadfadh eascairt as an gcineál sin gníomhaíochta;
(b)
na suíomhanna i ndíorthaigh tráchtearraí thar an gcuntar atá os cionn EUR 1 bhilliún, ina sonraítear méid beacht na suíomhanna lena mbaineann;
(c)
méid iomlán na gconarthaí díorthach fuinnimh arna dtrádáil, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, idir na conarthaí díorthach fuinnimh sin arna dtrádáil a úsáidtear chun críoch fálaithe agus na conarthaí díorthach fuinnimh sin arna dtrádáil nach n-úsáidtear chun críoch fálaithe;
(d)
méid iomlán na gconarthaí díorthach talmhaíochta arna dtrádáil, agus idirdhealú á dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, idir na conarthaí díorthach talmhaíochta sin arna dtrádáil a úsáidtear chun críoch fálaithe agus na cinn nach n-úsáidtear chun na críche sin;
(e)
sciar na gconarthaí díorthach thar an gcuntar agus na gconarthaí díorthach fuinnimh nó talmhaíochta arna dtrádáil ar an malartán a shocraítear go fisiceach i dtoirt iomlán na gconarthaí díorthach fuinnimh nó na gconarthaí díorthach talmhaíochta a thrádáiltear.
|
|
Airteagal 85 11.
|
Faoin 25 Nollaig 2026, déanfaidh ESMA, i gcomhar le BERS, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:
(a)
sainmhíniú mionsonraithe a thabhairt ar choincheap na comh-thimthriallachta i gcomhthéacs Airteagal 41 maidir le héarlaisí a ghlaonn CPL agus Airteagal 46 i gcás caolchorrlaigh a chuirtear i bhfeidhm ar chomhthaobhacht arna sealbhú ag CPL;
(b)
measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh forálacha frith-chomh-thimthriallachta an Rialacháin seo agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún (
33
) i bhfeidhm thar na blianta agus ar cibé an bhfuil gá le bearta breise chun feabhas a chur ar úsáid uirlisí frith-chomh-thimthriallachta;
(c)
eolas a thabhairt maidir leis an gcaoi a bhféadfadh nó nach bhféadfadh méadú ar éarlaisí a bheith mar thoradh ar uirlisí frith-chomh-thimthriallachta a bheadh níos mó ná mar a bheadh mura ndéanfaí na huirlisí sin a chur i bhfeidhm, agus forlíontáin fhéideartha nó fritháirimh fhéideartha á gcur san áireamh a cheadaítear do CPL a chur i bhfeidhm faoin Rialachán seo.
Agus an tuarascáil á hullmhú aige, déanfaidh ESMA measúnú freisin ar na rialacha is infheidhme maidir le CPLanna tríú tír agus ar chleachtais na CPLanna sin, chomh maith le forbairtí idirnáisiúnta a bhaineann le comh-thimthriallacht.
|
|
Airteagal 85 12.
|
Faoin 25 Nollaig 2027, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le BERS agus leis an Sásra Faireacháin Comhpháirteach, measúnú ar an gcaoi ar cuireadh Airteagail 15a, 17, 17a, 17b, 49 agus 49a i bhfeidhm. Go háirithe, bunófar leis an measúnú sin an méid seo a leanas:
(a)
cé acu a rinne nó nach ndearna na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
34
) an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach maidir le hiomaíochas CPLanna an Aontais a mhéadú agus an t-ualach rialála atá orthu a laghdú;
(b)
cé acu a laghdaigh na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 an t-am go dtí an margadh i gcás seirbhísí imréitigh nua agus táirgí nua gan tionchar diúltach a imirt ar an riosca do na CPLanna, dá gcomhaltaí imréitigh ná dá gcliaint;
(c)
cé acu a bhí nó nach raibh tionchar diúltach ag tabhairt isteach na féidearthachta atá ag CPLanna athruithe dá dtagraítear in Airteagal 15a a chur chun feidhme go díreach ar a bpróifíl riosca nó cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh sé na rioscaí foriomlána don chobhsaíocht airgeadais don Aontas, agus cé acu ba cheart nó nár cheart an fhéidearthacht sin a leasú.
Cuirfidh ESMA tuarascáil ar thoradh an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 85 13.
|
Faoin 25 Nollaig 2026, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin i dtaobh ar tháinig feabhas soiléir go leor ar sheoladh chúraimí ESMA mar thoradh ar na leasuithe a rinneadh ar Airteagal 9 a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 agus i dtaobh an raibh tionchar diúltach iomarcach acu ar rannpháirtithe sa mhargadh. Beidh anailís costais is tairbhe ag gabháil leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 85 14.
|
Faoin 25 Nollaig 2028, cuirfidh ESMA tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar measúnú sa tuarascáil sin, i gcomhar le BERS, i dtaobh na nithe seo a leanas:
(a)
ar cheart a mheas go bhfuil tábhacht shistéamach le seirbhísí PTRR;
(b)
an bhfuil riosca méadaithe ann d’éiceachóras airgeadais an Aontais mar thoradh ar sheirbhísí PTRR a bheith á soláthar ag soláthraithe seirbhíse PTRR; agus
(c)
arbh é an toradh a bhí ar an díolúine gur thángthas timpeall ar an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4.
Laistigh de 18 mí ó tharchur na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis na gnéithe a chuir ESMA i láthair ina thuarascáil. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar aon le haon tograí iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|