|
+Airteagal 85 3a. |
Airteagal 85 3a.Faoin 18 Bealtaine 2020, cuirfidh ÚEUM tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfar an méid a leanas a mheas sa tuarascáil sin:
(a)
comhsheasmhacht na gceanglas tuairiscithe do dhíorthaigh thar an gcuntar faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus faoi Airteagal 9 den Rialachán seo, i dtéarmaí shonraí an chonartha dhíorthach atá le tuairisciú agus i dtéarmaí na rochtana ar shonraí a bhíonn ag na heintitis ábhartha agus cibé ar cheart na ceanglais sin a ailíniú;
(b)
a indéanta atá sé slabhraí tuairiscithe a shimpliú a thuilleadh maidir leis na contrapháirtithe uile, lena n-áirítear do na cliaint uile indíreacha, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le tuairisciú tráthúil agus na bearta a glacadh de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán seo agus de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (CE) Uimh. 600/2014 á gcur san áireamh;
(c)
ailíniú na hoibleagáide trádála do dhíorthaigh faoi Rialachán (AE) Uimh 600/2014 leis na hathruithe a rinneadh faoi Rialachán (AE) 2019/834 ar an oibleagáid imréitigh do dhíorthaigh, go háirithe ar raon feidhme na n-eintiteas atá faoi réir oibleagáid imréitigh;
(d)
i gcomhar le BERS, ar cheart aon trádálacha a thiocfaidh go díreach as seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála, lena n-áirítear comhbhrú punainne, a dhíolmhú ón oibleagáid imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4(1). Déanfar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
(i)
imscrúdú ar chomhbhrú punainne agus seirbhísí eile laghdaithe riosca iarthrádála atá ar fáil lena laghdaítear rioscaí neamh-mhargaidh i bpunanna díorthach gan riosca margaidh na bpunann a athrú, amhail idirbhearta a athchothromú;
(ii)
tabharfar míniú inti chomh maith ar na cuspóirí agus ar na meicníochtaí a bhaineann leis na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin, a mhéid a mhaolaítear riosca leo, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca oibriúcháin san áireamh, agus measúnóidh sé an gá atá le trádálacha den sórt sin a imréiteach, nó an gá iad a dhíolmhú ón gceanglas imréitigh, chun riosca sistéamach a bhainistiú; agus
(iii)
déanfaidh sé measúnú freisin ar a mhéid a chuirtear, le díolúine ón oibleagáid imréitigh do sheirbhísí den sórt sin, in éadan imréiteach lárnach agus a mhéid a d'fhéadfadh sé go dtiocfadh contrapháirtithe timpeall ar an oibleagáid imréitigh;
(e)
an bhféadfaí cur leis an liosta d'ionstraimí airgeadais a mheastar a bheith fíorleachtach lena mbaineann riosca íosta margaidh agus creidmheasa, i gcomhréir le Airteagal 47 agus an bhféadfaí a áireamh ar an liosta sin ceann amháin nó níos mó de na cistí margaidh airgid arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 31 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|