+Airteagal 7 1.

Airteagal 7 1.

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh faisnéis ón taobh istigh comhdhéanta de na cineálacha faisnéise seo a leanas:

(a) 

faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó le hionstraimí airgeadais amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann;

(b) 

maidir le díorthaigh ar thráchtearraí, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le díorthach amháin den sórt sin nó níos mó nó a bhaineann go díreach leis an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na ndíorthach sin nó na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara agus sa chás gur faisnéis í seo a bhféadfaí dá cionn a bheith ag súil leis le réasún go nochtfaí í nó a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlí nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, rialacha margaidh, conarthaí, cleachtais nó custaim ar mhargaí ábhartha na ndíorthach tráchtearraí nó spotmhargaí ábhartha.

(c) 

maidir le lamháltais astaíochtaí nó táirgí ceantáilte bunaithe ar an gcéanna, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le hionstraim amháin dá leithéid nó níos mó, agus dá bpoibleofaí í, ba dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghas ionstraimí dá leithéid nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

▼M5

(d) 

faisnéis arna cur in iúl ag cliant nó ag daoine eile ag gníomhú thar ceann an chliaint nó faisnéis atá ar eolas de bhua cuntas dílseánach nó ciste bainistithe a bhainistiú agus a bhaineann le horduithe ar feitheamh in ionstraimí airgeadais, atá de chineál beacht, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin, ar phraghas na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.