+Airteagal 7 Faisnéis ón taobh istigh
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
|
Airteagal 7 Faisnéis ón taobh istigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh faisnéis ón taobh istigh comhdhéanta de na cineálacha faisnéise seo a leanas:
(a)
faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó le hionstraimí airgeadais amháin nó níos mó agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann;
(b)
maidir le díorthaigh ar thráchtearraí, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le díorthach amháin den sórt sin nó níos mó nó a bhaineann go díreach leis an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na ndíorthach sin nó na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara agus sa chás gur faisnéis í seo a bhféadfaí dá cionn a bheith ag súil leis le réasún go nochtfaí í nó a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlí nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, rialacha margaidh, conarthaí, cleachtais nó custaim ar mhargaí ábhartha na ndíorthach tráchtearraí nó spotmhargaí ábhartha.
(c)
maidir le lamháltais astaíochtaí nó táirgí ceantáilte bunaithe ar an gcéanna, faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le hionstraim amháin dá leithéid nó níos mó, agus dá bpoibleofaí í, ba dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghas ionstraimí dá leithéid nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.
▼M5
(d)
faisnéis arna cur in iúl ag cliant nó ag daoine eile ag gníomhú thar ceann an chliaint nó faisnéis atá ar eolas de bhua cuntas dílseánach nó ciste bainistithe a bhainistiú agus a bhaineann le horduithe ar feitheamh in ionstraimí airgeadais, atá de chineál beacht, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir amháin nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin, ar phraghas na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.
▼B
|
|
Airteagal 7 2.
|
Chun críocha mhír 1, measfar go bhfuil faisnéis de chineál beacht má léirítear inti sraith cúinsí atá ann nó a fhéadfar a bheith ag súil go réasúnach go mbeidh ann nó teagmhas a tharla nó a fhéadfar a bheith ag súil go réasúnta go dtarlóidh sé, agus má tá sí sainiúil go leor ionas go bhféadfar tátal a bhaint as éifeacht fhéideartha na sraithe cúinsí sin nó an teagmhais sin ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais nó ar na hionstraimí airgeadais díorthacha gaolmhara, ar phraghsanna na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhar nó ar phraghsanna ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí. I gcás próisis a bhfuil fad bainte as, ar próiseas é atá beartaithe imthoisc ar leith nó teagmhas ar leith a thuismiú nó ar imthoisc nó teagmhas den sórt sin atá mar thoradh air, ní hamháin gur féidir an imthoisc nó an teagmhas atá le teacht a mheas mar fhaisnéis bheacht, ach is féidir a mheas gur faisnéis bheacht céimeanna idirmheánacha an phróisis sin a bhaineann leis an imthoisc nó leis an teagmhas atá le teacht a thuismiú nó na céimeanna idirmheánacha arb iad an imthoisc nó an teagmhas atá le teacht an toradh.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Maidir le céim idirmheánach i bpróiseas a bhfuil fad bainte as, más rud é go gcomhlíonann sí, inti féin, na critéir d’fhaisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear san Airteagal seo, measfar gur faisnéis bheacht í.
|
|
Airteagal 7 4.
|
Ar mhaithe le mír 1 a chur i bhfeidhm, ciallóidh faisnéis ar dhócha dá bpoibleofaí í go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais, na n- ionstraimí airgeadais díorthacha, na gconarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara, nó na dtáirgí ceantáilte bunaithe ar na lamháltais astaíochtaí faisnéis ar dhócha go mbainfeadh infheisteoir réasúnach úsáid aisti mar chuid de bhonn a chinntí nó a cinntí infheistíochta. I gcás rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochta a bhfuil astaíochtaí comhiomlána acu nó a bhfuil ionchur rátáilte teirmeach acu atá ag an tairseach nó faoin tairseach a shocrófar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 17(2), measfar nach ndéanfaidh faisnéis faoina n-oibríochtaí fisiceacha éifeacht shuntasach a imirt ar phraghas na lamháltas astaíochta, na dtáirgí ceantáilte atá bunaithe ar an bhfaisnéis sin ná ionstraimí airgeadais díorthacha lena mbaineann.
|
|
Airteagal 7 5.
|
Déanfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint maidir le liosta faisnéise nach bhfuil uileghabhálach a bhunú a bheifí ag súil leis le réasún go nochtfaí é nó a cheanglaítear a nochtadh i gcomhréir le forálacha dlíthiúla nó rialála i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, rialacha margaidh, conarthaí, cleachtais nó custaim ar mhargaí na ndíorthach tráchtearraí nó spotmhargaí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1. Cuirfidh ÚEUM i gcuntas go cuí sonraíochtaí na margaí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|