|
+Airteagal 12 2. |
Airteagal 12 2.Déanfar an iompraíocht seo a leanas, inter alia, a mheas mar chúbláil mhargaidh:
(a)
iompar ag duine, nó ag daoine atá ag gníomhú i gcomhar le chéile, chun staid cheannasach a bhaint amach maidir le soláthar ionstraime airgeadais conarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara nó táirge ceantáilte atá bunaithe ar liúntais astaíochta, nó leis an éileamh atá orthu, a bhfuil an éifeacht aige, nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige, praghsanna ceannaigh nó díola a shocrú, go díreach nó go hindíreach, nó go gcruthaíonn sé, nó gur dócha go gcruthóidh sé, dálaí míchóra eile trádála,
(b)
ionstraimí airgeadais a cheannach nó a dhíol, ag am oscailte nó scoir margaidh, agus a bhfuil an éifeacht aige, nó ar dócha go mbeidh an éifeacht aige, infheisteoirí atá ag gníomhú ar bhonn na bpraghsanna taispeáinte, lena n-áirítear na praghsanna oscailte nó scoir, a chur ar míthreoir,
(c)
orduithe a chur chuig ionad trádála, lena n-áirítear aon chealú nó modhnú ar na horduithe sin, trí aon mheán trádála atá ar fáil, lena n-áirítear meáin leictreonacha, ar nós straitéisí alagartamacha agus trádála ardmhinicíochta, agus a bhfuil ceann de na héifeachtaí dá dtagraítear i mír 1(a) (b) acu, trí bhíthin:
(i)
cur isteach nó moill a chur ar fheidhmiú chóras trádála an ionaid trádála nó ar dócha go ndéanfaidh sé amhlaidh;
(ii)
é a dhéanamh níos deacra do dhaoine eile fíor-orduithe a aithint ar chóras trádála an ionaid trádála nó ar dócha go ndéanfaidh sé amhlaidh, lena n-áirítear trí orduithe a iontráil a mbeidh mar thoradh orthu go dtarlaíonn róluchtú nó díchobhsú ar an leabhar orduithe; nó
(iii)
comhartha atá bréagach nó míthreorach a chruthú, nó ar dócha go ndéanfar é a chruthú, maidir le soláthar ionstraime airgeadais nó maidir leis an éileamh atá uirthi, nó maidir lena praghas, go háirithe trí orduithe a iontráil chun tús a chur le treocht nó chun treocht a ghéarú.
(d)
buntáiste a bhaint de rochtain ócáideach nó rialta ar na meáin thraidisiúnta nó leictreonacha trí thuairim a chur in iúl maidir le hionstraim airgeadais, le conradh spot-tráchtearraí gaolmhar nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta (nó go hindíreach maidir leis an eisitheoir) tar éis staideanna a ghlacadh roimhe sin ar an ionstraim airgeadais sin, ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin nó táirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta agus brabús a dhéanamh ina dhiaidh sin as tionchar na dtuairimí a cuireadh in iúl ar phraghas na hionstraime sin ar phraghas an chonartha spot-tráchtearraí ghaolmhair sin nó ar tháirge ceantáilte ata bunaithe ar liúntais astaíochta gan an choinbhleacht leasa sin a nochtadh ar bhealach cuí agus éifeachtach don phobal ag an am céanna.
(e)
lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh ghaolmhara a cheannach nó a dhíol ar an margadh tánaisteach roimh an gceant arna dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 leis an éifeacht praghas imréitigh an cheant a shocrú maidir leis na táirgí ceantáilte ar leibhéal neamhghnách nó saorga nó tairgeoirí atá ag tairiscint sna ceantanna a chur ar míthreoir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|