|
+Airteagal 13 2. |
Airteagal 13 2.Féadfaidh údarás inniúil cleachtas margaidh a bhfuil glacadh leis a bhunú agus na critéir seo a leanas á gcur san áireamh acu:
(a)
cibé an bhforáiltear leis an gcleachtas margaidh do leibhéal substaintiúil trédhearcachta ó thaobh an mhargaidh;
(b)
cibé an n-áirithíonn an cleachtas margaidh leibhéal ard coimircí d’oibríocht fhórsaí an mhargaidh agus idirghníomhaíocht chuí na bhfórsaí soláthair agus éilimh;
(c)
cibé an bhfuil tionchar deimhneach ag an gcleachtas margaidh ar leachtacht agus éifeachtúlacht an mhargaidh;
(d)
cibé an ndéanann an cleachtas margaidh sásra trádála an mhargaidh ábhartha a chur san áireamh agus an gcuireann sé ar chumas na rannpháirtithe margaidh frithghníomhú go cuí agus ar mhodh tráthúil i leith staid nua sa mhargadh a chruthaítear de bhua an chleachtais sin;
(e)
cibé nach ndéanann an cleachtas margaidh rioscaí a chruthú do shláine margaí gaolmhara, bídís gaolmhar go díreach nó go hindíreach, bíodh na margaí sin rialáilte nó ná bíodh san ionstraim airgeadais ábhartha laistigh den Aontas;
(f)
toradh aon imscrúdaithe ar an gcleachtas ábhartha margaidh arna dhéanamh ag aon údarás inniúil nó ag aon údarás eile, go háirithe cibé ar sáraíodh leis an gcleachtas ábhartha margaidh sin rialacha nó rialacháin atá ceaptha drochúsáid margaidh a chosc nó cóid iompraíochta, beag beann ar chibé an mbaineann sé leis an margadh ábhartha nó ar mhargaí atá gaolmhar go díreach nó go hindíreach laistigh den Aontas; agus
(g)
saintréithe struchtúracha an mhargaidh ábhartha inter alia cibé an bhfuil sé rialáilte nó nach bhfuil, na cineálacha ionstraimí airgeadais a thrádáiltear agus an cineál rannpháirtithe margaidh, lena n-áirítear a mhéid atá infheisteoirí miondíola rannpháirteach sa mhargadh ábhartha. Ní dhéanfar cleachtas margaidh atá bunaithe ag údarás inniúil mar chleachtas a bhfuil glacadh leis i margadh ar leith a mheas mar chleachtas atá infheidhme maidir le margaí eile mura rud é go mbeidh glacadh ag údaráis inniúla na margaí eile sin leis an gcleachtas de bhun an Airteagail seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|