+Airteagal 17 1.
|
Airteagal 17 1.
Cuirfidh eisitheoir an pobal ar an eolas a luaithe is féidir maidir le faisnéis ón taobh istigh, a bhaineann go díreach leis an eisitheoir sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3) i gcás ina bhfuil nasc ag na céimeanna sin le himthosca sonracha nó teagmhas sonrach a thabhairt i gcrích nó má tá siad mar thoradh orthu. I bpróiseas fadtréimhseach, ní nochtfar ach na himthosca deiridh nó an teagmhas deiridh, a luaithe is féidir tar éis dóibh tarlú. Áiritheoidh an t-eisitheoir go ndéanfar an fhaisnéis ón taobh istigh a chur ar fáil go poiblí ar mhodh a chuirfidh ar chumas an phobail rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis agus measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus, i gcás inarb infheidhme, poibleoidh sé an fhaisnéis sa Sásra arna cheapadh go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 deThreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
). Ní fhéadfaidh an t-eisitheoir nochtadh na faisnéise ón taobh istigh don phobal a chumasc le margú a chuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis ar fad ón taobh istigh is gá dó a nochtadh go poiblí a phostáil ar a shuíomh gréasáin agus í a choinneáil ann ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraimí arna dtrádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr a n-ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF i mBallstát.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|