+Airteagal 17 Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 1a.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 4a.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
---+Airteagal 17 11.
---+Airteagal 17 12.

Airteagal 17 Faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Cuirfidh eisitheoir an pobal ar an eolas a luaithe is féidir maidir le faisnéis ón taobh istigh, a bhaineann go díreach leis an eisitheoir sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 7(2) agus (3) i gcás ina bhfuil nasc ag na céimeanna sin le himthosca sonracha nó teagmhas sonrach a thabhairt i gcrích nó má tá siad mar thoradh orthu. I bpróiseas fadtréimhseach, ní nochtfar ach na himthosca deiridh nó an teagmhas deiridh, a luaithe is féidir tar éis dóibh tarlú.

Áiritheoidh an t-eisitheoir go ndéanfar an fhaisnéis ón taobh istigh a chur ar fáil go poiblí ar mhodh a chuirfidh ar chumas an phobail rochtain thapa a fháil ar an bhfaisnéis agus measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin agus, i gcás inarb infheidhme, poibleoidh sé an fhaisnéis sa Sásra arna cheapadh go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21 deThreoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ). Ní fhéadfaidh an t-eisitheoir nochtadh na faisnéise ón taobh istigh don phobal a chumasc le margú a chuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis ar fad ón taobh istigh is gá dó a nochtadh go poiblí a phostáil ar a shuíomh gréasáin agus í a choinneáil ann ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.

Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí a d’iarr nó a d’fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraimí arna dtrádáil ar MTF nó ar OTF amháin, le heisitheoirí a d’fhormheas trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF nó a d’iarr a n-ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála ar MTF i mBallstát.

Airteagal 17 1a.
Áiritheoidh eisitheoir rúndacht na faisnéise a chomhlíonann na critéir maidir le faisnéis ón taobh istigh dá dtagraítear in Airteagal 7 go dtí go nochtfar an fhaisnéis sin de bhun mhír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 17 2.
Nochtfaidh rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochtaí arna gcoinneáil aige maidir lena ghnó, lena n-áirítear gníomhaíochtaí eitlíochta mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó suiteálacha de réir bhrí Airteagal 3(e) den Treoir chéanna atá i seilbh an rannpháirtí lena mbaineann, nó an mháthairghnóthais nó an ghnóthais ghaolmhair, nó atá á rialú acu, nó do chúrsaí oibríochtúla as a bhfuil an rannpháirtí, a mháthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar freagrach, go hiomlán nó go páirteach. Maidir le suiteálacha, áireofar le nochtadh den sórt sin faisnéis is ábhartha d’acmhainneacht agus úsáid na suiteálacha, lena n-áirítear do-úsáidteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na suiteálacha sin.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí i gcás ina bhfuil astaíochtaí nach sáraíonn, sa bhliain roimhe sin, íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ag na suiteálacha nó ag na gníomhaíochtaí eitlíochta atá ina sheilbh, atá á rialú aige nó a bhfuil sé freagrach astu, agus i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí dócháin, go bhfuil ionchur teirmeach rátáilte acu nach sáraíonn íos-tairseach acu.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena mbunaítear íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus íos-tairseach d’ionchur teirmeach rátáilte chun críocha chur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo.

Airteagal 17 3.
Cumhachtófar don Choimisiún bearta a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena sonrófar an t-údarás inniúil maidir le fógraí mhír 4 agus mhír 5 den Airteagal seo.
Airteagal 17 4.

Féadfaidh eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

ba dhóchúil go ndéanfadh nochtadh láithreach dochar do leasanna dlisteanacha an eisitheora nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí;

(b) 

níl an fhaisnéis ón taobh istigh a mbeartaíonn an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill a chur uirthi i gcodarsnacht leis an bhfógra poiblí is déanaí nó le cineál eile teachtaireachta ón eisitheoir nó ón rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí maidir leis an ábhar céanna dá dtagraíonn an fhaisnéis ón taobh istigh;

(c) 

is féidir leis an eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí rúndacht na faisnéise sin a áirithiú.

I gcás inar chuir eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh faoin mír seo, déanfaidh sé, láithreach tar éis an fhaisnéis a nochtadh don phobal, a chur in iúl don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise agus tabharfaidh sé míniú i scríbhinn ar an gcaoi a ndearnadh na coinníollacha a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh taifead ar mhíniú den sórt sin le tarchur ach ar iarraidh ón údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3.

De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, eisitheoir nach ligtear a chuid ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ach ar mhargadh fáis FBManna, ní sholáthróidh sé míniú i scríbhinn don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 ach arna iarraidh sin. Fad a bheidh an t-eisitheoir in ann údar cuí a thabhairt lena chinneadh maidir le moilliú, ní cheanglófar air taifead a choinneáil ar an míniú sin.

Airteagal 17 4a.
Níl neamhnochtadh ag eisitheoir faisnéise ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróisis fhadtréimhseacha, i gcomhréir le mír 1, faoi réir na gceanglas a leagtar síos i mír 4.
Airteagal 17 5.

►M5  Féadfaidh eisitheoir ar institiúid creidmheasa nó institiúid airgeadais nó eisitheoir ar máthairghnóthas institiúide den sórt sin é, ar a fhreagracht féin, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta di, faisnéis a bhaineann le fadhb shealadach leachtachta, agus go háirithe an gá cúnamh leachtachta sealadach a fháil ó bhanc ceannais nó ó iasachtóir na rogha deiridh, ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: ◄

(a) 

tá an baol ann le nochtadh fhaisnéis ón taobh istigh go mbainfí an bonn de chobhsaíocht airgeadais an eisitheora agus an chórais airgeadais;

(b) 

is chun leasa an phobail é moill a chur ar a nochtadh;

(c) 

is féidir rúndacht na faisnéise sin a áirithiú; agus

(d) 

tá an t-údarás inniúil tar éis toiliú leis an moill ar an mbunús go bhfuil na coinníollacha i bpointe (a) go pointe (c) á gcomhlíonadh.

Airteagal 17 6.

Chun críocha phointí (a) go (d) de mhír 5, tabharfaidh an t-eisitheoir fógra don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3á rá go bhfuil sé ar intinn aige moill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus soláthróidh sé fianaise go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh. Rachaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 i gcomhchomhairle, de réir mar is iomchuí, leis an mbanc ceannais náisiúnta agus leis an údarás macrastuamachta, i gcás é a bheith curtha ar bun, nó leis na húdaráis seo a leanas, de rogha:

(a) 

más foras creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir, an tÚdarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 133(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );

(b) 

i gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a), aon údarás naisiúnta eile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eisitheoir.

Áiritheoidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 nach gcuirtear moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh ach amháin ar feadh cibé tréimhse is gá chun leasa an phobail. Déanfaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3, mar bheart íosta, meastóireacht ar bhonn seachtainiúil féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh fós.

Más rud é nach dtoilíonn an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 leis an moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis a nochtadh láithreach.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na cásanna ina gcinneann an t-eisitheoir gan moill a chur ar fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh i gcomhréir le mír 4.

Aon tagairt don údarás inniúil sa mhír seo, tá sé gan dochar do chumas an údaráis inniúil a shonraítear faoi mhír 3a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

Airteagal 17 7.
I gcás ina mbeidh moill ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gcomhréir le míreanna 4 nó 5, nó i gcás nár nochtadh faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach i gcomhréir le mír 1, agus nach mbeidh rúndacht na faisnéise ón taobh istigh sin á háirithiú a thuilleadh, nochtfaidh an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí an fhaisnéis ón taobh istigh sin don phobal a luaithe is féidir.

Áirítear sa mhír seo staideanna ina mbeidh ráfla ann a bhaineann go sainráite le faisnéis ón taobh istigh ar cuireadh moill ar a nochtadh i gcomhréir le míreanna 4 nó 5, nó le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach nár nochtadh i gcomhréir le mír 1, i gcás ina mbeidh an ráfla sin chomh beacht agus go léiríonn sé nach bhfuil rúndacht na faisnéise sin á háirithiú a thuilleadh.

Airteagal 17 8.
I gcás ina ndéanann eisitheoir nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaínó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó chun a chuntais, aon fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh d’aon tríú páirtí i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgais, dá dtagraítear in Airteagal 10(1), ní mór dóibh nochtadh poiblí iomlán agus éifeachtach den fhaisnéis sin a dhéanamh, go comhuaineach i gcás nochta d’aon toisc, agus go pras i gcás nochta nach bhfuil á dhéanamh d’aon toisc. Ní bheidh feidhm ag an mír seo má tá dualgas rúndachta ar an duine atá ag fáil na faisnéise, is cuma má tá an dualgas sin bunaithe ar dhlí, ar rialacháin, ar airteagail chomhlachais nó ar chonradh.
Airteagal 17 9.
Maidir le faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le heisitheoirí, ar ligeadh isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM, féadfaidh an t-ionad trádála í a phostáil ar a shuíomh gréasáin in ionad í a phostáil ar shuíomh gréasáin an eisitheora i gcás ina roghnaíonn an t-ionad trádála an tsaoráid sin a sholáthar d’eisitheoirí ar an margadh sin.
Airteagal 17 10.

Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a) 

na meáin theicniúla maidir le nochtadh iomchuí poiblí na faisnéise ón taobh istigh de réir mar a thagraítear dó i míreanna 1, 2, 8 agus 9; agus

(b) 

na meáin theicniúla maidir le nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh a mhoilliú de réir mar a thagraítear dó i míreanna 4 agus i mír 5.

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2016.

Déantar an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 17 11.
Eiseoidh ÚEUM treoirlínte chun liosta táscach nach bhfuil uileghabhálach de leasanna dlisteanacha eisitheoirí a bhunú, dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (a).
Airteagal 17 12.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun liosta nach bhfuil uileghabhálach den mhéid seo a leanas a leagan amach agus a athbhreithniú, i gcás inar gá:

(a) 

na teagmhais deiridh nó imthosca deiridh i bpróisis fhadtréimhseacha agus, i gcás gach teagmhais nó imthoisce, an nóiméad a mheastar a tharla sé agus an nóiméad atá sé le nochtadh de bhun mhír 1;

(b) 

na staideanna ina bhfuil an fhaisnéis ón taobh istigh a mbeartaíonn an t-eisitheoir nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill a chur uirthi, ina bhfuil an fhaisnéis sin i gcodarsnacht leis an bhfógra poiblí is déanaí nó le cineál eile teachtaireachta ón eisitheoir nó ón rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí maidir leis an ábhar céanna dá dtagraíonn an fhaisnéis ón taobh istigh, dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, pointe (b).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.