+Airteagal 17 2.
|
Airteagal 17 2.
Nochtfaidh rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochtaí arna gcoinneáil aige maidir lena ghnó, lena n-áirítear gníomhaíochtaí eitlíochta mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE nó suiteálacha de réir bhrí Airteagal 3(e) den Treoir chéanna atá i seilbh an rannpháirtí lena mbaineann, nó an mháthairghnóthais nó an ghnóthais ghaolmhair, nó atá á rialú acu, nó do chúrsaí oibríochtúla as a bhfuil an rannpháirtí, a mháthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar freagrach, go hiomlán nó go páirteach. Maidir le suiteálacha, áireofar le nochtadh den sórt sin faisnéis is ábhartha d’acmhainneacht agus úsáid na suiteálacha, lena n-áirítear do-úsáidteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na suiteálacha sin. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí i gcás ina bhfuil astaíochtaí nach sáraíonn, sa bhliain roimhe sin, íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin ag na suiteálacha nó ag na gníomhaíochtaí eitlíochta atá ina sheilbh, atá á rialú aige nó a bhfuil sé freagrach astu, agus i gcás ina ndéanann siad gníomhaíochtaí dócháin, go bhfuil ionchur teirmeach rátáilte acu nach sáraíonn íos-tairseach acu. Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena mbunaítear íos-tairseach de choibhéis dé-ocsaíde carbóin agus íos-tairseach d’ionchur teirmeach rátáilte chun críocha chur i bhfeidhm na díolúine dá bhforáiltear sa dara fomhír den mhír seo.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|