|
+Airteagal 17 6. |
Airteagal 17 6.Chun críocha phointí (a) go (d) de mhír 5, tabharfaidh an t-eisitheoir fógra don údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3á rá go bhfuil sé ar intinn aige moill a chur ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus soláthróidh sé fianaise go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh. Rachaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 i gcomhchomhairle, de réir mar is iomchuí, leis an mbanc ceannais náisiúnta agus leis an údarás macrastuamachta, i gcás é a bheith curtha ar bun, nó leis na húdaráis seo a leanas, de rogha:
(a)
más foras creidmheasa nó gnólacht infheistíochta é an t-eisitheoir, an tÚdarás arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 133(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
(b)
i gcásanna seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a), aon údarás naisiúnta eile atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an eisitheoir. Áiritheoidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 nach gcuirtear moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh ach amháin ar feadh cibé tréimhse is gá chun leasa an phobail. Déanfaidh an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3, mar bheart íosta, meastóireacht ar bhonn seachtainiúil féachaint an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a), (b) agus (c) de mhír 5 á gcomhlíonadh fós. Más rud é nach dtoilíonn an t-údarás inniúil a shonraítear faoi mhír 3 leis an moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis a nochtadh láithreach. Beidh feidhm ag an mír seo maidir leis na cásanna ina gcinneann an t-eisitheoir gan moill a chur ar fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh i gcomhréir le mír 4. Aon tagairt don údarás inniúil sa mhír seo, tá sé gan dochar do chumas an údaráis inniúil a shonraítear faoi mhír 3a chuid feidhmeanna a fheidhmiú ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 23(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|