|
+Airteagal 23 2. |
Airteagal 23 2.Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)
rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
(b)
faisnéis a iarraidh nó a éileamh ar aon duine, lena n-áirítear iadsan a bhfuil baint leanúnach acu le tarchur orduithe nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh, chomh maith lena gcuid prionsabal, agus más gá, duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;
(c)
maidir le díorthaigh tráchtearraí, faisnéis a iarraidh ó rannpháirtithe margaidh ar mhargaí spot-tráchtearraí gaolmhara de réir formáidí caighdeánaithe, tuarascálacha a fháil ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;
(d)
tabhairt faoi chigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair ar láithreáin seachas áitribh phríobháideacha daoine nádúrtha;
(e)
faoi réir an dara fomhír, dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí a urghabháil i bhfoirm ar bith i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid nó sonraí a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun cás déileála cos istigh nó cúblála margaidh de shárú ar an Rialachán seo a chruthú;
(f)
ábhair a tharchur le haghaidh imscrúdaithe choiriúil;
(g)
taifid atá ann cheana ar chomhráite teileafóin, ar theachtaireachtaí leictreonacha nó ar thrácht sonraí atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais a éileamh chomh maith le riarthóirí tagarmhairc nó ranníocóirí maoirsithe a éileamh;
(h)
taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreora teileachumarsáide, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha maidir le sárú ar phointe (a) nó ar phointe (b) d’Airteagal 14 nó d’Airteagal 15 a imscrúdú;
(i)
calcadh nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;
(j)
trádáil na hionstraime airgeadais lena mbaineann a fhionraí;
(k)
scor sealadach a éileamh d’aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith contrártha don Rialachán seo;
(l)
toirmeasc sealadach a fhorchur ar fheidhmiú gníomhaíochta gairmiúla; agus
(m)
na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an pobal ar an eolas go cuí, inter alia trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n-áirítear trína cheangal ar eisitheoir nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú. I gcás ina bhfuil gá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le húdarú roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach in áitreabh na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír„ ní úsáidfear an chumhacht sin ach tar éis údarú roimh ré den sórt sin a bheith faighte 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|