+Airteagal 23 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
|
Airteagal 23 Cumhachtaí na n-údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna agus a gcumhachtaí ar aon cheann de na slite seo a leanas:
(b)
i gcomhar le húdaráis eile nó le gnóthais an mhargaidh;
(c)
faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig na húdaráis sin nó chuig gnóthais margaidh;
(d)
trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
(a)
rochtain ar dhoiciméad ar bith agus ar shonraí i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
(b)
faisnéis a iarraidh nó a éileamh ar aon duine, lena n-áirítear iadsan a bhfuil baint leanúnach acu le tarchur orduithe nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh, chomh maith lena gcuid prionsabal, agus más gá, duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a fháil;
(c)
maidir le díorthaigh tráchtearraí, faisnéis a iarraidh ó rannpháirtithe margaidh ar mhargaí spot-tráchtearraí gaolmhara de réir formáidí caighdeánaithe, tuarascálacha a fháil ar idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe;
(d)
tabhairt faoi chigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair ar láithreáin seachas áitribh phríobháideacha daoine nádúrtha;
(e)
faoi réir an dara fomhír, dul isteach in áitribh daoine nádúrtha agus dlítheanacha chun doiciméid agus sonraí a urghabháil i bhfoirm ar bith i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid nó sonraí a bhaineann le hábhar na cigireachta nó an imscrúdaithe a bheith ábhartha chun cás déileála cos istigh nó cúblála margaidh de shárú ar an Rialachán seo a chruthú;
(f)
ábhair a tharchur le haghaidh imscrúdaithe choiriúil;
▼M5
(g)
taifid atá ann cheana ar chomhráite teileafóin, ar theachtaireachtaí leictreonacha nó ar thrácht sonraí atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta, institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais a éileamh chomh maith le riarthóirí tagarmhairc nó ranníocóirí maoirsithe a éileamh;
▼B
(h)
taifid de thrácht sonraí atá ann cheana, sa mhéid go gceadófar é faoin dlí naisiúnta, atá i seilbh oibreora teileachumarsáide, a éileamh i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur tharla sárú agus i gcás ina bhféadfaidh na taifid sin a bheith ábhartha maidir le sárú ar phointe (a) nó ar phointe (b) d’Airteagal 14 nó d’Airteagal 15 a imscrúdú;
(i)
calcadh nó forlámhú sócmhainní, nó an dá rud, a iarraidh;
(j)
trádáil na hionstraime airgeadais lena mbaineann a fhionraí;
(k)
scor sealadach a éileamh d’aon chleachtas a mheasann an t-údarás inniúil a bheith contrártha don Rialachán seo;
(l)
toirmeasc sealadach a fhorchur ar fheidhmiú gníomhaíochta gairmiúla; agus
(m)
na bearta go léir is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an pobal ar an eolas go cuí, inter alia trí fhaisnéis nochta atá bréagach nó míthreorach a cheartú, lena n-áirítear trína cheangal ar eisitheoir nó ar dhuine eile a d’fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.
I gcás ina bhfuil gá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le húdarú roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann chun dul isteach in áitreabh na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír„ ní úsáidfear an chumhacht sin ach tar éis údarú roimh ré den sórt sin a bheith faighte
|
|
Airteagal 23 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin ar fad ag údaráis inniúla a theastaíonn uathu chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Tá an Rialachán seo gan dochar do dhlíthe, do rialacháin agus d’fhorálacha riaracháin arna nglacadh i ndáil le tairiscintí táthcheangail, le hidirbhearta cumaisc agus le hidirbhearta eile a dhéanann difear d’úinéireacht nó do rialú cuideachtaí arna rialáil ag na húdaráis mhaoirseachta arna gceapadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Threoir 2004/25/CE lena bhforchuirtear ceanglais sa bhreis ar cheanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Maidir le duine a chuireann faisnéis ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní mheasfar go sáraíonn sé nó sí aon sriain maidir le nochtadh faisnéise arna fhorchur ag an gconradh sin nó ag aon fhoráil reachtach, rialála nó riaracháin agus ní bheidh an duine a thugann fógra faoin méid sin faoi dhliteanas ar bith maidir leis an bhfógra sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|