Airteagal 38
▼M5
Faoin 5 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, mar aon le togra reachtach chun é a leasú más iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin déanfar measúnú ar, inter alia, na nithe seo a leanas:
▼B
(a)
a iomchuí atá sé comhrialacha a thabhairt isteach maidir leis an ngá go ndéanfadh na Ballstáit uile foráil do phionóis riaracháin i dtaca le déileáil chos istigh agus le cúbláil mhargaidh;
(b)
cibé an leordhóthanach an sainmhíniú ar fhaisnéis ón taobh istigh chun an fhaisnéis uile is ábhartha do na húdaráis inniúla a chumhdach chun go bhféadfadh siad drochúsáid margaidh a chomhrac go héifeachtach;
▼M5
(c)
dála na forála maidir le neamhnochtadh faisnéise ón taobh istigh a bhaineann le céimeanna idirmheánacha i bpróiseas fadtréimhseach in Airteagal 17(1), cé acu a aimsítear nó nach n-aimsítear leis an bhforáil sin cothromaíocht leordhóthanach idir an t-ualach ar eisitheoirí a laghdú agus ligean d’infheisteoirí cinntí feasacha infheistíochta a dhéanamh; agus
(d)
comhréireacht na ndearbhmhéideanna, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 30(2), pointí (j)(iii) agus (iv) iad, agus a iomchuí atá siad i ndáil le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide.
▼M5 —————
▼B
Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM fardal de chur i bhfeidhm na bpionós riaracháin agus, i gcás ina mbíonn cinneadh déanta ag na Ballstáit, de bhun an dara fomhír d’Airteagal 30(1), pionóis coiriúla a leagan síos amhail dá dtagraítear ann i gcás sáruithe ar an Rialachán seo, de chur i bhfeidhm na bpionós coiriúil sin sna Ballstáit. Áireofar san fhardal sin freisin aon sonraí a chuirtear ar fáil faoi Airteagal 33(1) agus (2).
▼M5
Faoin 5 Nollaig 2031, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an tsásra faireachais i ndáil le sonraí ordaithe trasmhargaidh, maidir lena thionchar ar chumas na n-údarás inniúil náisiúnta maoirseacht éifeachtach a áirithiú, conas is féidir an sásra sin a fhorfheidhmiú, agus na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith le hinmheánaitheoirí córasacha faoi raon feidhme an tsásra a thabhairt isteach.
▼M5
Faoin 5 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leibhéal na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 19(1a), pointí (a) agus (b), i dtaca le hidirbhearta bainisteoirí i gcás ina bhfuil scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora ina gcuid de ghnóthas comhinfheistíochta nó ina soláthraíonn siad neamhchosaint ar phunann sócmhainní, d’fhonn a mheasúnú an bhfuil an leibhéal sin iomchuí nó ar cheart é a choigeartú.
▼M1
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 lena gcoigeartaítear na tairseacha in Airteagal 19(1a)(a) agus (b), má chinneann sé sa tuarascáil sin gur cheart na tairseacha sin choigeartú.
▼B