+Airteagal 3c Feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú
---+Airteagal 3c 1.
---+Airteagal 3c 2.
---+Airteagal 3c 3.
|
Airteagal 3c Feidhmiú cearta scairshealbhóirí a éascú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3c 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go n-éascóidh na hidirghabhálaithe feidhmiú na gceart sin ag an scairshealbhóir, lena n-áirítear an ceart chun páirt a ghlacadh agus vótáil i gcruinnithe ginearálta, ar éascú é arb éard a bheidh ann laghad ceann amháin dóibh seo a leanas:
(a)
déanann an t-idirghabhálaí na socruithe is gá chun go mbeidh an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir in ann na cearta a fheidhmiú iad féin;
(b)
feidhmíonn an t-idirghabhálaí na cearta a eascraíonn ó na scaireanna ar údarú agus ar theagasc sainráite an scairshealbhóra agus chun tairbhe an scairshealbhóra.
|
|
Airteagal 3c 2.
|
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, nuair a chaithfear vótaí go leictreonach, go seolfar daingniú leictreonach go mbeidh na vótaí faighte chuig an duine a chaitheann an vóta. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú tar éis an chruinnithe ghinearálta gur féidir leis an scairshealbhóir nó tríú páirtí ainmnithe ag an scairshealbhóir, ar a laghad ar iarraidh a bheith déanta, daingniú a fháil gur thaifead an chuideachta a vótaí go bailí agus gur chomhair sí iad, mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil dóibh cheana féin. Féadfaidh Ballstáit spriocdháta a bhunú maidir le daingniú den sórt sin a iarraidh. Ní bheidh an spriocdháta sin níos faide ná 3 mhí ó dháta an vóta. I gcás go bhfaighidh an t-idirghabhálaí an deimhniú amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír, tarchuirfidh sé/sí é gan mhoill chuig an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir. I gcás ina mbeidh níos mó ná idirghabhálaí amháin i slabhra na n-idirghabhálaithe tarchuirfear an daingniú idir idirghabhálaithe gan mhoill, mura féidir an dearbhú a tharchur go díreach chuig an scairshealbhóir nó tríú páirtí a bheidh ainmnithe ag an scairshealbhóir.
|
|
Airteagal 3c 3.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais íosta a shonrú chun feidhmiú cearta na scairshealbhóirí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir le cineálacha an éascaithe, formáid an daingnithe leictreonaigh go mbeidh na vótaí faighte, an fhormáid chun an daingniú a tharchur go mbeidh na vótaí cláraithe agus comhairthe go bailí trí shlabhra na n-idirghabhálaithe, lena n-áirítear a slándáil agus a n-idir-inoibritheacht, agus na sprioc-amanna atá le comhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoi 10 Meán Fómhair 2018 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14a(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32007L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|