+Airteagal 3h Straitéis infheistíochta infheisteoirí institiúideacha agus socruithe le bainisteoirí sócmhainne
---+Airteagal 3h 1.
---+Airteagal 3h 2.
---+Airteagal 3h 3.
|
Airteagal 3h Straitéis infheistíochta infheisteoirí institiúideacha agus socruithe le bainisteoirí sócmhainne
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3h 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go nochtfaidh infheisteoirí institiúideacha don phobal conas atá na príomhmhíreanna dá straitéis infheistíochta cothromais i gcomhréir le próifíl agus le ré a ndliteanas, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus conas a chuireann siad le feidhmíocht mheántéarmach go fadtéarmach a sócmhainní.
|
|
Airteagal 3h 2.
|
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú i gcás ina n-infheisteoidh bainisteoir sócmhainne thar ceann infheisteora institiúidigh, cibé acu ar bhonn lánroghnach cliant-ar-chliant nó trí ghnóthas comhinfheistíochta, go nochtfaidh an infheisteoir institiúideach an fhaisnéis seo a leanas go poiblí maidir lena shocrú leis an mbainisteoir sócmhainne:
(a)
conas a dhreasaíonn an socrú leis an mbainisteoir sócmhainne an bainisteoir sócmhainne chun a straitéis infheistíochta agus a chinntí a ailíniú le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanas fadtéarmach;
(b)
conas a dhreasaíonn an socrú sin an bainisteoir sócmhainne cinntí infheistíochta a dhéanamh bunaithe ar mheasúnuithe faoi fheidhmíocht airgeadais agus neamhairgeadais na cuideachta infheistíochta sa mheántéarma go dtí an fadtéarma agus chun dul i mbun plé le cuideachtaí infheistíochta chun a bhfeidhmíocht a fheabhsú sa mheántéarma go dtí an fadtéarma;
(c)
conas atá modh agus sprioc-am an mheasúnaithe ar fheidhmíocht an bhainisteora sócmhainní agus an luach saothair i gcomhair seirbhísí bainistithe sócmhainne a i gcomhréir le próifíl agus ré dhliteanais an infheisteora institiúidigh, go háirithe dliteanais fhadtéarmacha, agus go gcuirtear dearbhfheidhmíocht fhadtéarmach i gcuntas;
(d)
conas a dhéanann an t-infheisteoir institiúideach faireachán ar chostais láimhdeachas punainne a thabhaíonn an bainisteoir sócmhainní agus conas a shainmhíníonn agus a dhéanann sé faireachán ar láimhdeachas punainne spriocdhírithe nó an raon láimhdeachais;
(e)
ré an tsocraithe leis an mbainisteoir sócmhainne.
Más rud é nach mbeidh eilimint amháin nó níos mó díobh sa socrú leis an mbainisteoir sócmhainní, tabharfaidh an t-infheisteoir institiúideach míniú soiléir agus réasúnaithe i dtaobh cén fáth gurb é seo an cás.
|
|
Airteagal 3h 3.
|
Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ar fáil ar shuíomh gréasáin an infheisteora institiúidigh agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ach amháin mura mbeidh athrú ábharach ann. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfoilseofar an fhaisnéis, saor in aisce, trí mheáin eile a bhfuil rochtain éasca orthu ar líne. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go lamhálfar d’infheisteoirí institiúideacha a rialaítear le Treoir 2009/138/CE an fhaisnéis seo a áireamh ina dtuarascálacha ar shócmhainneacht agus staid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 51 den Treoir sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32007L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|