+Airteagal 3j Trédhearcacht seach-chomhairleoirí
---+Airteagal 3j 1.
---+Airteagal 3j 2.
---+Airteagal 3j 3.
---+Airteagal 3j 4.
|
Airteagal 3j Trédhearcacht seach-chomhairleoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3j 1.
|
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go nochtfaidh seach-chomhairleoirí go poiblí tagairt do chód iompair a chuireann siad i bhfeidhm agus go tuairisceoidh siad maidir le cur i bhfeidhm an chóid iompar seo. I gcás nach gcuirfidh seach-chomhairleoirí cód iompair i bhfeidhm, cuirfidh siad míniú soiléir agus réasúnaithe ar fáil i dtaobh cén fáth gurb é seo an cás. I gcás ina gcuirfidh na seach-chomhairleoirí cóid iompair i bhfeidhm ach go n-imeoidh siad ó aon cheann dá mholtaí, déanfaidh siad na codanna óna n-imíonn siad a fhógairt, cuirfidh siad mínithe ar fáil ar na fáthanna a ndearna siad amhlaidh agus léireoidh siad, i gcás inarb iomchuí, aon bhearta malartacha a ghlactar. Cuirfear faisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil go poiblí, saor in aisce, ar shuíomhanna gréasáin seach-chomhairleoirí agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.
|
|
Airteagal 3j 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a ngníomhaíochtaí a chur in iúl go leordhóthanach dá gcliaint, go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí a nochtadh go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad an fhaisnéis uile a leanas i ndáil lena dtaighde, lena gcomhairle agus lena moltaí vótála a ullmhú:
(a)
gnéithe riachtanacha na modhanna agus na samhlacha a chuireann siad i bhfeidhm;
(b)
na príomhfhoinsí faisnéise a úsáideann siad;
(c)
na nósanna imeachta a chuirtear ar bun chun cáilíocht an taighde, na comhairle agus na moltaí vótála agus cáilíochtaí na foirne a bhíonn páirteach a áirithiú;
(d)
an gcuireann agus má chuireann, conas a chuireann siad coinníollacha an mhargaidh náisiúnta, coinníollacha dlíthiúla agus rialála agus coinníollacha cuideachta-shonrach h i gcuntas;
(e)
gnéithe riachtanacha na mbeartas vótála a chuireann siad i bhfeidhm maidir le gach margadh;
(f)
an bhfuil idirphlé acu leis na cuideachtaí a bhfuil a dtaighde, a gcomhairle nó a moltaí vótála dírithe orthu, agus le geallsealbhóirí na cuideachta, agus, más amhlaidh atá, méid agus cineál an idirphlé sin;
(g)
an beartas chun coinbhleachtaí leasa féideartha a chosc agus bhainistiú.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil go poiblí ar shuíomhanna ghréasáin na seach-chomhairleoirí agus beidh sí ar fáil saor in aisce ar feadh trí bliana ar a laghad ón dáta a foilsithe. Ní gá an fhaisnéis a nochtadh ar leithligh i gcás ina mbeidh sí ar fáil mar chuid den nochtadh faoi mhír 1.
|
|
Airteagal 3j 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó fhéideartha nó caidreamh gnó a shainaithint agus a nochtadh dá gcliaint gan mhoill, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ullmhú an taighde, na comhairle nó na moltaí vótála agus na ngníomhaíochtaí a bheidh déanta acu chun an choinbhleacht leasa iarbhír nó fhéideartha a dhíchur nó a mhaolú nó a bhainistiú.
|
|
Airteagal 3j 4.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal freisin maidir le seach-chomhairleoirí nach bhfuil oifig chláraithe ná ceannoifig acu san Aontas agus a bhfuil a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu trí bhunaíocht atá lonnaithe san Aontas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32007L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|