|
+Airteagal 3j 2. |
Airteagal 3j 2.Áiritheoidh na Ballstáit, chun cruinneas agus iontaofacht a ngníomhaíochtaí a chur in iúl go leordhóthanach dá gcliaint, go ndéanfaidh seach-chomhairleoirí a nochtadh go poiblí ar bhonn bliantúil ar a laghad an fhaisnéis uile a leanas i ndáil lena dtaighde, lena gcomhairle agus lena moltaí vótála a ullmhú:
(a)
gnéithe riachtanacha na modhanna agus na samhlacha a chuireann siad i bhfeidhm;
(b)
na príomhfhoinsí faisnéise a úsáideann siad;
(c)
na nósanna imeachta a chuirtear ar bun chun cáilíocht an taighde, na comhairle agus na moltaí vótála agus cáilíochtaí na foirne a bhíonn páirteach a áirithiú;
(d)
an gcuireann agus má chuireann, conas a chuireann siad coinníollacha an mhargaidh náisiúnta, coinníollacha dlíthiúla agus rialála agus coinníollacha cuideachta-shonrach h i gcuntas;
(e)
gnéithe riachtanacha na mbeartas vótála a chuireann siad i bhfeidhm maidir le gach margadh;
(f)
an bhfuil idirphlé acu leis na cuideachtaí a bhfuil a dtaighde, a gcomhairle nó a moltaí vótála dírithe orthu, agus le geallsealbhóirí na cuideachta, agus, más amhlaidh atá, méid agus cineál an idirphlé sin;
(g)
an beartas chun coinbhleachtaí leasa féideartha a chosc agus bhainistiú. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo a chur ar fáil go poiblí ar shuíomhanna ghréasáin na seach-chomhairleoirí agus beidh sí ar fáil saor in aisce ar feadh trí bliana ar a laghad ón dáta a foilsithe. Ní gá an fhaisnéis a nochtadh ar leithligh i gcás ina mbeidh sí ar fáil mar chuid den nochtadh faoi mhír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|