+Airteagal 9a An ceart chun vótáil ar an mbeartas luach saothair
---+Airteagal 9a 1.
---+Airteagal 9a 2.
---+Airteagal 9a 3.
---+Airteagal 9a 4.
---+Airteagal 9a 5.
---+Airteagal 9a 6.
---+Airteagal 9a 7.
|
Airteagal 9a An ceart chun vótáil ar an mbeartas luach saothair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9a 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh cuideachtaí beartas luach saothair maidir le stiúrthóirí agus go mbeidh an ceart ag scairshealbhóirí chun vótáil ar an mbeartas luach saothair ag an gcruinniú ginearálta.
|
|
Airteagal 9a 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an vóta ó na scairshealbhóirí ar an mbeartas luacha saothair ag an gcruinniú ginearálta ina cheangal. Ní íocfaidh cuideachtaí luach saothair lena stiúrthóirí ach amháin de réir beartas luach saothair atá formheasta ag an gcruinniú ginearálta. I gcás nach mbeidh aon bheartas luach saothair formheasta fós agus nach ndéanfar an beartas atá beartaithe a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, féadfaidh an chuideachta leanúint de luach saothair a íoc lena stiúrthóirí i gcomhréir leis na cleachtais atá aici cheana agus cuirfidh siad beartas athbhreithnithe isteach lena fhormheas ag an gcéad chruinniú ginearálta eile. I gcás ina mbeidh beartas luach saothair formheasta ann cheana agus nach ndéanfar an beartas atá beartaithe a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta, leanfaidh an chuideachta de luach saothair a íoc lena stiúrthóirí i gcomhréir leis an mbeartas formheasta atá ann cheana agus cuirfidh sí beartas athbhreithnithe isteach lena fhormheas ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.
|
|
Airteagal 9a 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, gur vóta comhairleach a bheidh sa vóta ag an gcruinniú ginearálta. Sa chás sin, ní íocfaidh cuideachtaí luach saothair lena stiúrthóirí ach amháin de réir beartas luach saothair atá curtha faoi vóta den sórt sin ag an gcruinniú ginearálta. I gcás ina ndiúltóidh an cruinniú ginearálta an beartas luach saothair atá beartaithe, cuirfidh an chuideachta beartas athbhreithnithe isteach ag an gcéad chruinniú ginearálta eile.
|
|
Airteagal 9a 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit a lamháil, in imthosca eisceachtúla, go maolóidh cuideachtaí go sealadach ar an mbeartas luach saothair, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha nós imeachta faoinar féidir an maolú a chur i bhfeidhm san áireamh agus go bhfuil gnéithe an bheartais ar féidir maolú orthu sonraithe ann. Ní chlúdóidh imthosca eisceachtúla amhail dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach cásanna ina mbeidh an maolú ar an mbeartas luach saothair riachtanach chun freastal ar leas fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta ina hiomláine nó chun a hinmharthanacht a áirithiú.
|
|
Airteagal 9a 5.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachtaí an beartas luach saothair faoi vóta ag an gcruinniú ginearálta aon uair a dhéanfar athrú ábharach air agus i gcás ar bith ar a laghad uair amháin gach ceithre bliana.
|
|
Airteagal 9a 6.
|
Cuirfidh an beartas luach saothair le straitéis ghnó na cuideachta agus leasanna fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta agus míneoidh sé an dóigh a ndéanfaidh sé amhlaidh. Beidh sé soiléir sothuigthe agus déanfar cur síos ann ar chomhpháirteanna éagsúla an luach saothair sheasta agus an luach saothair inathraithe, lena n-áirítear gach bónas agus sochar eile i bhfoirm ar bith, is féidir a dhámhachtain do stiúrthóirí agus léireofar ann a gcion coibhneasta. Míneofar sa bheartas luach saothair conas a cuireadh dálaí pá agus fostaíochta fhostaithe na cuideachta i gcuntas agus an beartas luach saothair á bhunú. I gcás ina ndámhfaidh cuideachta luach saothair inathraithe, leagfar amach sa bheartas luach saothair critéir atá soiléir, cuimsitheach agus éagsúil óna chéile chun an luach saothair inathraithe a dhámhachtain. Léireofar sa bheartas critéir feidhmíochta airgeadais agus neamhairgeadais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhaineann le freagracht shóisialta chorparáideach agus míneofar conas a chuireann siad leis na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír, agus na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun a mhéid a bheidh na critéir feidhmíochta comhlíonta a chinneadh. Sonrófar ann faisnéis faoi aon tréimhsí iarchurtha agus faoin bhféidearthacht chun an chuideachta luach saothair inathraithe a aiséileamh. I gcás ina ndámhfaidh an chuideachta luach saothair scairbhunaithe, sonrófar sa bheartas tréimhsí dílseacháin agus i gcás inarb infheidhme coinneáil scaireanna tar éis dílseacháin agus míneofar conas a chuireann an luach saothair scairbhunaithe leis na cuspóirí a leagtar amach sa chead fhomhír. Léireofar sa bheartas luacha saothair ré na gconarthaí nó socruithe le stiúrthóirí agus na tréimhsí fógra is infheidhme, príomhghnéithe na scéimeanna pinsin fhorlíontacha nó scéimeanna luathscoir agus téarmaí an fhoirceanta agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an bhfoirceannadh. Míneofar sa bheartas luacha saothair an próiseas cinnteoireachta a leantar lena chinneadh, lena athbhreithniú agus lena chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun coinbhleacht leasa a sheachaint nó a bhainistiú agus, i gcás inarb infheidhme, ról an choiste luach saothair nó aon choiste eile lena mbaineann. I gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar an mbeartas, cuirfear síos agus tabharfar míniú ar gach athrú suntasach atá ann agus ar conas a chuirtear vótaí agus tuairimí na scairshealbhóirí ar an mbeartas agus ar na tuarascálacha i gcuntas ann ó caitheadh an vóta is déanaí ar an mbeartas luach saothair ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí.
|
|
Airteagal 9a 7.
|
Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, tar éis an vóta ar an mbeartas luach saothair ag an gcruinniú ginearálta, go ndéanfar an beartas mar aon le dáta agus torthaí an vóta a chur ar fáil go poiblí gan mhoill ar shuíomh gréasáin na cuideachta agus go mbeidh siad ar fáil go poiblí, saor in aisce, ar a laghad fad is infheidhme é.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32007L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|