|
+Airteagal 9a 6. |
Airteagal 9a 6.Cuirfidh an beartas luach saothair le straitéis ghnó na cuideachta agus leasanna fadtéarmach agus inbhuanaitheacht na cuideachta agus míneoidh sé an dóigh a ndéanfaidh sé amhlaidh. Beidh sé soiléir sothuigthe agus déanfar cur síos ann ar chomhpháirteanna éagsúla an luach saothair sheasta agus an luach saothair inathraithe, lena n-áirítear gach bónas agus sochar eile i bhfoirm ar bith, is féidir a dhámhachtain do stiúrthóirí agus léireofar ann a gcion coibhneasta. Míneofar sa bheartas luach saothair conas a cuireadh dálaí pá agus fostaíochta fhostaithe na cuideachta i gcuntas agus an beartas luach saothair á bhunú. I gcás ina ndámhfaidh cuideachta luach saothair inathraithe, leagfar amach sa bheartas luach saothair critéir atá soiléir, cuimsitheach agus éagsúil óna chéile chun an luach saothair inathraithe a dhámhachtain. Léireofar sa bheartas critéir feidhmíochta airgeadais agus neamhairgeadais lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhaineann le freagracht shóisialta chorparáideach agus míneofar conas a chuireann siad leis na cuspóirí a leagtar amach sa chéad fhomhír, agus na modhanna atá le cur i bhfeidhm chun a mhéid a bheidh na critéir feidhmíochta comhlíonta a chinneadh. Sonrófar ann faisnéis faoi aon tréimhsí iarchurtha agus faoin bhféidearthacht chun an chuideachta luach saothair inathraithe a aiséileamh. I gcás ina ndámhfaidh an chuideachta luach saothair scairbhunaithe, sonrófar sa bheartas tréimhsí dílseacháin agus i gcás inarb infheidhme coinneáil scaireanna tar éis dílseacháin agus míneofar conas a chuireann an luach saothair scairbhunaithe leis na cuspóirí a leagtar amach sa chead fhomhír. Léireofar sa bheartas luacha saothair ré na gconarthaí nó socruithe le stiúrthóirí agus na tréimhsí fógra is infheidhme, príomhghnéithe na scéimeanna pinsin fhorlíontacha nó scéimeanna luathscoir agus téarmaí an fhoirceanta agus na híocaíochtaí a bhaineann leis an bhfoirceannadh. Míneofar sa bheartas luacha saothair an próiseas cinnteoireachta a leantar lena chinneadh, lena athbhreithniú agus lena chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta chun coinbhleacht leasa a sheachaint nó a bhainistiú agus, i gcás inarb infheidhme, ról an choiste luach saothair nó aon choiste eile lena mbaineann. I gcás ina ndéanfar athbhreithniú ar an mbeartas, cuirfear síos agus tabharfar míniú ar gach athrú suntasach atá ann agus ar conas a chuirtear vótaí agus tuairimí na scairshealbhóirí ar an mbeartas agus ar na tuarascálacha i gcuntas ann ó caitheadh an vóta is déanaí ar an mbeartas luach saothair ag cruinniú ginearálta na scairshealbhóirí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|