|
+Airteagal 9b 1. |
Airteagal 9b 1.Áiritheoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh an chuideachta suas tuarascáil luach saothair atá soiléir sothuigthe, ina soláthrófar forléargas cuimsitheach ar an luach saothair, lena n-áirítear gach sochar i bhfoirm ar bith, a dámhadh nó a bhí le dámhachtain le linn na bliana airgeadais do stiúrthóirí aonair, lena n-áirítear do stiúrthóirí nua-earcaithe agus d’iarstiúrthóirí, de réir an bheartais luach saothair dá dtagraítear in Airteagal 9a. I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa tuarascáil luach saothair maidir le luach saothair gach stiúrthóra aonair:
(a)
an luach saothair iomlán agus é deighilte de réir comhpháirte, cion coibhneasta an luach saothair sheasta agus inathraithe, míniú ar an dóigh a bhfuiltear ag comhlíonadh an bheartais luach saothair glactha, lena n-áirítear conas a chuireann sé le feidhmíocht fhadtéarmach na cuideachta, agus faisnéis faoi conas a rinneadh na critéir feidhmíochta a chur i bhfeidhm;
(b)
an t-athrú a tháinig go bliantúil ar an luach saothair, éabhlóid fheidhmíocht na cuideachta agus mheánluach saothair na cuideachta ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha i leith fhostaithe na cuideachta nach stiúrthóirí iad thar thréimhse ar a laghad na cúig bliana airgeadais is déanaí, a chuirfear i láthair ar dhóigh a fhágfaidh go bhféadfar comparáid a dhéanamh;
(c)
aon luach saothair ó aon ghnóthas a bhaineann leis an ngrúpa céanna mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 );
(d)
an líon scaireanna agus scair-roghanna a bheidh deonaithe nó tairgthe, agus na príomhdhálaí chun na cearta a fheidhmiú lena n-áirítear an praghas feidhmithe agus an dáta agus aon athrú air sin;
(e)
faisnéis faoin deis a úsáid chun an luach saothair inathraithe a aiséileamh;
(f)
faisnéis faoi aon imeacht ón nós imeachta maidir leis an mbeartas luach saothair a chur chun feidhme dá dtáirgítear in Airteagal 9a(6) agus faoi aon mhaolú a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 9a(4), lena n-áirítear an míniú ar chineál na n-imthosca eisceachtúla agus an léiriú ar na gnéithe ar leith ar maolaíodh orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|