|
+Airteagal 9c 6. |
Airteagal 9c 6.Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a eisiamh nó cead a thabhairt do chuideachtaí é a eisiamh as na ceanglais i mír 2, mír 3 agus mír 4:
(a)
idirbhearta arna ndéanamh idir an cuideachta agus a fochuideachtaí ar choinníoll go bhfuil siad faoi lánúinéireacht agus nach bhfuil leas ag aon pháirtí gaolmhar eile de chuid na cuideachta sa ghnóthas fochuideachta, nó go bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cosaint leormhaith ar leasanna na cuideachta, leasanna na fochuideachta agus a cuid scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh in idirbhearta den sórt sin;
(b)
cineálacha idirbheart arna sainiú go soiléir, a cheanglaíonn an dlí náisiúnta iad a fhormheas tríd an gcruinniú ginearálta, ar choinníoll go ndírítear go sonrach ar chóir chothrom do na scairshealbhóirí uile agus leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus go ndéantar iad a chosaint go leormhaith i bhforálacha dlí den sórt sin;
(c)
idirbhearta maidir le luach saothair stiúrthóirí, nó gnéithe áirithe de luach saothair stiúrthóirí, a bhronntar nó atá dlite i gcomhréir le hAirteagal 9a.
(d)
idirbhearta arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa bunaithe ar bearta a dhíríonn ar a gcobhsaíocht a choimirciú, arna nglacadh ag an údarás inniúil atá i gceannas ar an maoirseacht stuamachta de réir bhrí dhlí an Aontais;
(e)
idirbhearta a thairgtear do na scairshealbhóirí uile ar na téarmaí céanna i gcás ina n-áirithítear cóir chomhionann ar na scairshealbhóirí uile agus cosaint ar leasanna na cuideachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|