+Airteagal 9c Trédhearcacht agus formheas ar idirbhearta páirtí ghaolmhair
---+Airteagal 9c 1.
---+Airteagal 9c 2.
---+Airteagal 9c 3.
---+Airteagal 9c 4.
---+Airteagal 9c 5.
---+Airteagal 9c 6.
---+Airteagal 9c 7.
---+Airteagal 9c 8.
---+Airteagal 9c 9.
|
Airteagal 9c Trédhearcacht agus formheas ar idirbhearta páirtí ghaolmhair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9c 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit idirbhearta ábhartha a shainiú chun críocha an Airteagail seo agus aird á tabhairt ar:
(a)
an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag faisnéis faoin idirbheart ar chinntí eacnamaíocha scairshealbhóirí na cuideachta;
(b)
an riosca a chruthaíonn an t-idirbheart don chuideachta agus dá scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.
Agus idirbhearta ábharthacha á sainiú acu, déanfaidh Ballstáit cóimheas cainníochtúil amháin nó níos mó a shocrú bunaithe ar thionchar an idirbhirt ar staid airgeadais, ioncaim, sócmhainní, caipitliú, lena n-áiritear cothromas, nó láimhdeachas na cuideachta, nó cuirfidh siad san áireamh nádúr an idirbhirt agus seasamh an pháirtí ghaolmhair. Féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe ábharthachta éagsúla a ghlacadh do chur i bhfeidhm mhír 4 atá éagsúil ó na cinn do chur i bhfeidhm mhír 2 agus mhír 3, agus féadfaidh siad idirdhealú a dhéanamh idir na sainmhínithe de réir mhéid na cuideachta.
|
|
Airteagal 9c 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhógairt go poiblí ar a dhéanaí tráth a dtugtar an t-idirbheart chun críche. Cuimseofar san fhógra ar a laghad faisnéis faoi chineál chaidreamh an pháirtí ghaolmhair, ainm an pháirtí ghaolmhair, dáta agus luach an idirbhirt agus aon fhaisnéis eile is gá chun a mheasúnú cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh.
|
|
Airteagal 9c 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tuarascáil le cur ag gabháil leis an bhfógra poiblí dá dtagraítear i mír 2 ar tuarascáil í ina measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus ina míneofar na toimhdí ar ar bunaíodh í chomh maith leis na modhanna a úsáideadh. Is ceann acu seo a leanas a tháirgeoidh an tuarascáil sin:
(a)
tríú páirtí neamhspleách nó;
(b)
comhlacht riaracháin nó comhlacht maoirseachta na cuideachta;
(c)
an coiste iniúchóireachta nó aon choiste inar stiúrthóirí neamhspleácha iad an tromlach,
Áiritheoidh na Ballstáit nach nglacfaidh na páirtithe gaolmhara páirt in ullmhú na tuarascála.
|
|
Airteagal 9c 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an cruinniú ginearálta nó comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta aon idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a fhormheas i gcomhréir le nósanna imeachta a chuireann cosc ar an bpáirtí gaolmhar leas a bhaint as a sheasamh agus a chuireann cosaint leormhaith ar fáil do leasanna na cuideachta agus do scairshealbhóirí nach páirtithe gaolmhara iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag scairshealbhóirí sa chruinniú ginearálta vótáil ar idirbhearta ábharthacha le páirtithe gaolmhara a ndearna comhlacht riaracháin nó maoirseachta na cuideachta iad a fhormheas. I gcás ina bhfuil baint ag stiúrthóir nó ag scairshealbhóir le hidirbheart an pháirtí ghaolmhair, ní ghlacfaidh an stiúrthóir nó an scairshealbhóir páirt san fhormheas ná sa vóta. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don scairshealbhóir ar páirtí gaolmhar é páirt a ghlacadh sa vóta ar choinníoll go n-áirithíonn an dlí náisiúnta coimircí iomchuí a bhfuil feidhm acu roimh an bpróiseas vótála, nó lena linn, chun leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, a chosaint, trí chosc a chur ar an bpáirtí gaolmhar an t-idirbheart a fhormheas in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad nó in ainneoin tuairim fhreasúrach a bheith ag tromlach na stiúrthóirí neamhspleácha.
|
|
Airteagal 9c 5.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 2, mír 3 ná mír 4 maidir le hidirbhearta a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar chun críche ar ghnáth-théarmaí margaidh. Maidir le hidirbhearta den sórt sin, déanfaidh comhlacht riaracháin nó maoirseoireachta na cuideachta nós imeachta inmheánach a bhunú chun a mheasúnú go tréimhsiúil cibé an gcomhlíontar na coinníollacha sin. Ní ghlacfaidh na páirtithe gaolmhara páirt sa mheasúnú sin. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, go ndéanfaidh cuideachtaí na ceanglais i mír 2, mír 3 nó mír 4 a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta a dhéantar sa ghnáthchúrsa gnó agus a thugtar chun críche ar ghnáth-théarmaí margaidh.
|
|
Airteagal 9c 6.
|
Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a eisiamh nó cead a thabhairt do chuideachtaí é a eisiamh as na ceanglais i mír 2, mír 3 agus mír 4:
(a)
idirbhearta arna ndéanamh idir an cuideachta agus a fochuideachtaí ar choinníoll go bhfuil siad faoi lánúinéireacht agus nach bhfuil leas ag aon pháirtí gaolmhar eile de chuid na cuideachta sa ghnóthas fochuideachta, nó go bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cosaint leormhaith ar leasanna na cuideachta, leasanna na fochuideachta agus a cuid scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh in idirbhearta den sórt sin;
(b)
cineálacha idirbheart arna sainiú go soiléir, a cheanglaíonn an dlí náisiúnta iad a fhormheas tríd an gcruinniú ginearálta, ar choinníoll go ndírítear go sonrach ar chóir chothrom do na scairshealbhóirí uile agus leasanna na cuideachta agus na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus go ndéantar iad a chosaint go leormhaith i bhforálacha dlí den sórt sin;
(c)
idirbhearta maidir le luach saothair stiúrthóirí, nó gnéithe áirithe de luach saothair stiúrthóirí, a bhronntar nó atá dlite i gcomhréir le hAirteagal 9a.
(d)
idirbhearta arna ndéanamh ag institiúidí creidmheasa bunaithe ar bearta a dhíríonn ar a gcobhsaíocht a choimirciú, arna nglacadh ag an údarás inniúil atá i gceannas ar an maoirseacht stuamachta de réir bhrí dhlí an Aontais;
(e)
idirbhearta a thairgtear do na scairshealbhóirí uile ar na téarmaí céanna i gcás ina n-áirithítear cóir chomhionann ar na scairshealbhóirí uile agus cosaint ar leasanna na cuideachta.
|
|
Airteagal 9c 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cuideachtaí idirbhearta ábharthacha a tugadh chun críche idir páirtí gaolmhar agus fochuideachta na cuideachta sin a fhógairt go poiblí. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tuarascáil ag gabháil leis an bhfógra, ar tuarascáil í ina measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an t-idirbheart cothrom agus réasúnach ó thaobh na cuideachta de agus ó thaobh na scairshealbhóirí nach páirtí gaolmhar iad de, lena n-áirítear scairshealbhóirí mionlaigh, agus ina míneofar na toimhdí ar ar bunaíodh í chomh maith leis na modhanna a úsáideadh. Beidh feidhm ag na díolúintí dá bhforáiltear i mír 5 agus mír 6 maidir leis na bearta atá sonraithe sa mhír seo freisin.
|
|
Airteagal 9c 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon idirbhearta leis an bpáirtí gaolmhar céanna a tugadh chun críche in aon tréimhse 12 mhí nó sa bhliain airgeadais chéanna agus nár cuireadh faoi réir na n-oibleagáidí a liostaítear i mír 2, mír 3 nó mír 4, a chomhiomlánú chun críocha na míreanna sin.
|
|
Airteagal 9c 9.
|
Tá an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha maidir le faisnéis ón taobh istigh, amhail dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
), a nochtadh go poiblí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32007L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|