|
+Airteagal 14c 1. |
Airteagal 14c 1.Ón 10 Eanáir 2030, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh infheisteoirí institiúideacha, bainisteoirí sócmhainní, seach-chomhairleoirí agus cuideachtaí, nuair a bheidh aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3g(1), Airteagal 3h(1) agus (2), Airteagal 3j(1) agus (2), Airteagal 9a(7), Airteagal 9b(5), Airteagal 9c(2) agus (7), agus Airteagal 14(2) den Treoir seo á poibliú acu, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an tráth céanna, chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
19
). Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar leis an bhfaisnéis na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), den Rialachán sin;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
méid an infheisteora institiúidigh, an bhainisteora sócmhainní, an tseach-chomhairleora nó na cuideachta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
earnáil nó earnálacha tionscail ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na cuideachta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (e), den Rialachán sin;
(v)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(vi)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|