+Airteagal 20 Srianta ar dhíol folamh agus ar idirbhearta comhchosúla i ndálaí eisceachtúla
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.

Airteagal 20 Srianta ar dhíol folamh agus ar idirbhearta comhchosúla i ndálaí eisceachtúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.

Faoi réir Airteagal 22, féadfaidh údarás inniúil beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh, i gcás:

(a) 

ina bhfuil teagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha ann atá ina mbagairt thromchúiseach ar chobhsaíocht airgeadais nó ar mhuinín an mhargaidh sa Bhallstát lena mbaineann nó i mBallstát amháin eile nó níos mó; agus

(b) 

ina bhfuil gá leis an mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige, atá díréireach leis na sochair a ghabhann leis, ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais.

Airteagal 20 2.

Féadfaidh údarás inniúil toirmeasc a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na nithe seo a leanas a dhéanamh nó coinníollacha a fhorchur maidir leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

díol folamh; nó

(b) 

idirbheart seachas díol folamh trína gcruthaítear ionstraim airgeadais, nó a bhaineann le hionstraim airgeadais, agus gurb é an éifeacht nó ceann de na héifeachtaí atá ag an idirbheart sin buntáiste airgeadais a thabhairt don duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás laghdú phraghas nó luach ionstraime airgeadais eile.

Airteagal 20 3.
Féadfaidh feidhm a bheith ag beart a dhéantar faoi mhír 2 maidir le hidirbhearta a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais uile, le hionstraimí airgeadais d’aicme shonrach nó le hionstraim airgeadais shonrach. Féadfaidh feidhm a bheith ag an mbeart i ndálaí, nó féadfaidh sé a bheith faoi réir eisceachtaí, arna sonrú ag an údarás inniúil. Féadfar eisceachtaí a shonrú go háirithe a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.